Teacht le chéile na nGael!

An 21ú Feabhra, 2024


Ón bhliain 2027 ar aghaidh, ní beidh ann ach cumann amháin leis na cluichí Gaelacha a chur chun cinn in Éirinn.

Faoi láthair, tá trí ghrúpa ann a ghlacann freagracht as na cluichí Gaelacha – Cumann Lúthchleas Gael, an Cumann Camógaíochta agus Cumann Pheil na mBan. Is é Cumann Lúthchleas Gael an grúpa is mó, an grúpa is sine agus an grúpa is saibhre den triúr. Ach, ní phléann siadsan ach le spóirt na bhfear agus na ngasúr, den chuid is mó – peil na bhfear agus an iománaíocht. 

An Cumann Camógaíochta – camógaíocht

Cumann Lúthchleas Gael (seanlógó) – peil, iomáint, liathróid láimhe agus cluiche corr

Cumann Pheil na mBan – peil


Cuireadh CLG ar bun sa bhliain 1884. Ag an am sin, ní raibh mórán cothromais ann idir fir agus mná. Ní raibh cead ag na mná vóta a chaitheamh go fiú! Cuireadh an Cumann Camógaíochta ar bun in 1904 ach ní raibh an cumann sin chomh mór ná chomh láidir riamh le cumann na bhfear.

I bhfad siar sa stair, shíl roinnt daoine gur cheart do na mná fanacht ar an taobhlíne


Ó thaobh na peile de, ní bhfuair na cailíní deis cheart an pheil a imirt go dtí na seachtóidí agus na hochtóidí. Cuireadh Cumann Pheil na mBan ar bun in 1974, ach ní raibh CLG sásta aitheantas a thabhairt dó go dtí 1982!

Ní raibh an pheil ar fáil mar rogha do na cailíní ar feadh i bhfad


Bhí na trí chumann i gcónaí scartha, agus bhí na mná i gcónaí in áit na leathphingine, ar níos mó ná bealach amháin! Bhí cumainn dhifriúla acu agus d’imir siad a gcuid cluichí in áiteanna difriúla. Bhí áiseanna i bhfad níos fearr i gcónaí ag na fir – páirceanna níos fearr agus clubtheach agus seomraí feistis. Ar bhealach, ba ghnách le daoine amharc ar chluichí na mban mar sórt aguisín.

Páirc Iománaíochta Ghleann Arma i gcontae Aontroma. Tá clubtheach acu, balla traenála agus páirc iontach. Ní bheadh áiseanna mar seo ag mórán cumann camógaíochta sa chontae ná sa tír


Cluiche ceannais camógaíochta 2022 idir Cill Chainnigh agus Corcaigh. Go dtí seo, bhí ar an Chumann Camógaíochta cead speisialta a fháil an cluiche ceannais a imirt i bPáirc an Chrócaigh

Bhí sé seo ag athrú le blianta beaga anuas. Mar shampla, bíonn i bhfad níos mó cluichí camógaíochta agus cluichí peile de chuid na mban le feiceáil ar an teilifís na laethanta seo agus bíonn níos mó cainte ar na meáin faoi chluichí na mban. Ach d’aithin daoine nach raibh an t-athrú ag tarlú gasta go leor agus nach mbeadh muid ábalta cothrom na Féinne a fháil choíche, dá bhfanfadh na 3 ghrúpa scartha óna chéile.

Níl páirc ollmhór dá gcuid féin ag Cumann Pheil na mBan ná ag an Chumann Camógaíochta


Cuireadh grúpa speisialta ar bun 18 mí ó shin le scrúdú a dhéanamh ar an dóigh a dtiocfadh linn na trí chumann spóirt a thabhairt le chéile. Bhí iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, i mbun an ghrúpa agus fuair siad saineolaithe le comhairle a thabhairt dóibh. Inné, d’fhógair siad go hoifigiúil go bhfuil plean cinnte acu agus nach mbeidh ach cumann amháin ann ón bhliain 2027.

Is dea-scéal é seo do gach duine a imríonn cluichí Gaelacha nó fágann sé go bhfaighidh gach duine an tacaíocht chéanna agus an aird chéanna. Ciallaíonn sé nach bhfágfar duine ar bith ar an taobhlíne feasta.

Ba cheart go bhfágfadh an teacht le chéile go mbeidh cúrsaí níos cothroime ó thaobh na gcluichí Gaelacha de


Le plé

🏐 An imríonn tú féin spórt ar bith (ní gá gur spórt Gaelach é) – an síleann tú go bhfuil deiseanna cothroma ann do chailíní agus gasúir sa spórt sin?

🏐 Cad iad na rudaí is mó a bheas le hathrú le go mbeidh cothromas ann, dar leat? Agus an mbeidh sé furasta iad a athrú?

🏐 An síleann tú go spreagfaidh sé seo níos mó daoine leis an spórt a imirt?

🏐 Déanaigí plé mar rang. Tá imeartas focal ann sa líne Bhí na trí chumann i gcónaí scartha, agus bhí na mná i gcónaí in áit na leathphingine, ar níos mó ná bealach amháin! An dtig libh an frása ‘in áit na leathphingine’ a mhíniú? Cad é an t-imeartas focal atá ann?


Creidiúintí

meas