Dhá chluiche mhóra

An 8ú Feabhra, 2024


Beidh dhá chluiche mhóra sacair ar siúl ag an deireadh seachtaine. I gcluiche ceannais na hÁise, beidh an Iordáin agus Catar ag imirt in éadan a chéile i Staid Lusail i gCatar, tráthnóna Dé Sathairn. An lá dár gcionn, oíche Dhomhnaigh, tabharfaidh an Cósta Eabhair, nó Côte d’Ivoire, aghaidh ar an Nigéir. Beidh buntáiste beag ag Côte d’Ivoire agus Catar nó beidh siad beirt ag imirt sa bhaile.

Bratach na hIordáine

Tá tábhacht leis na comórtais seo nó tabharfaidh siad seans do na tíortha seo ullmhú do Chorn an Domhain, a bheas ar siúl i gCeanada, Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe i samhradh 2026.

Airim Afif, imreoir Chatar

Bhí bua stairiúil ag an Iordáin i gcoinne na Cóiré nuair a bhain siad 2-0. Tá daoine mór le rá ar fhoireann na Cóiré, Hyunjun Yang, atá ag imirt anois do na Ceiltigh, san áireamh. Bhuail Catar an Iaráin 3-2 Dé Céadaoin lena n-áit a fháil sa chluiche ceannais.

Sébastien Haller, Côte d’Ivoire

Bhí an dá chluiche ceathrú ceannais san Afraic ar siúl Dé Céadaoin chomh maith. Bhí go leor daoine ag dréim le bua furasta ag Côte d’Ivoire in éadan an Chongó agus sa deireadh, scóráil Sébastian Haller an t-aon chúl amháin sa chluiche. Ach níl gach rud i gceart i gcampa Côte d’Ivoire nó leath bealaigh tríd an chomórtas, thug siad bata agus bóthar dá mbainisteoir, Jean-Louis Gasset.

Ademola Lookman, an Nigéir

Bhí am níos deacra ag an Nigéir ar an oíche chéanna nó bhí siadsan agus an Afraic Theas ar comhscór i ndiaidh am breise. Sa deireadh, áfach, scóráil Kelechi Iheanacho, a imríonn do Leicester, an cic pionóis agus bhí siad tríd. Bhain an Nigéir Corn na hAfraice roinnt uaireanta cheana féin agus is iadsan rogha na coitiantachta anois don chluiche Dé Domhnaigh.

Kelechi Iheanacho, an Nigéir

Tosóidh cluiche ceannais Chorn na hÁise ar a 3.00, Dé Sathairn

Tosóidh cluiche ceannais Chorn na hAfraice ar a 8.00, Dé Domhnaigh

Staid Lusail, Catar


Le déanamh:

Úsáid atlas agus faigh amach cá bhfuil na ceithre thír a bheidh páirteach sna cluichí ag an deireadh seachtaine:


An Nigéir

Côte d’Ivoire

An Iordáin

Catar


Úsáid rialóir nó píosa sreinge agus déan liosta de na ceithre thír, an ceann is faide ar shiúl ar dtús, síos go dtí an ceann is cóngaraí.


Pictiúir

Ademola Lookman: Raffaele Conti 88 / Shutterstock.com

Akram Afif: Celso Pupo / Shutterstock.com

Staid Lusail: Sanjay JS / Shutterstock.com

Lucht leanúna na Nigéire: FOTOGRIN / Shutterstock.com 

Sebastien Haller: Fabrizio Andrea Bertani / Shutterstock.com

Kelechi Iheanacho: daykung / Shutterstock.com


meas