Mistéir Amelia Earhart

An 1ú Feabhra, 2024


Tá mistéir mhór ag baint le scéal Amelia Earhart. Eitleoir mór le rá a bhí in Amelia ag am a raibh na heitleáin uilig nua agus contúirteach. Gach uair a chuaigh daoine in airde san aer, ní raibh siad cinnte an mbainfeadh siad an ceann scríbe amach slán sábháilte. Ag an am, bhí go leor taismí ann. Tá rudaí athraithe go mór leis an taisteal san aer anois ach baineann sin leis an obair a rinne ceannródaithe cosúil le Amelia.

Bhain Amelia clú amach nuair a d’eitil sí, léi féin, trasna an Aigéin Atlantaigh, gan stad. Ba í an chéad bhean a rinne a leithéid. D’imigh sí as Talamh an Éisc i gCeanada ar an 20ú Bealtaine 1932 agus thuirling sí taobh amuigh de Dhoire an lá dár gcionn.

Turas Amelia trasna an Atlantaigh

Bean chróga a bhí inti agus bhí go leor curiarrachtaí déanta aici roimhe sin agus ina dhiaidh. Lean sí de bheith ag dul níos faide agus níos faide san eitleán ach bhí na turais ag éirí níos contúirtí agus níos contúirtí chomh maith. Sa bhliain 1937, rinne Amelia iarracht eitilt léi féin timpeall an Domhain. Ach, faraor, d’imigh sí ón Nua-Ghuine, san Aigéan Ciúin, ar an 2ú Iúil 1937, ar thuras 4,000km ach níor bhain sí a ceann scríbe amach. D’imigh sí gan tásc ná tuairisc agus tá daoine á cuardach ó shin.

Agus anois, síleann daoine gur tháinig siad ar an áit ar thit a heitleán den spéir. Rinne Deep Sea Vision, comhlacht as Meiriceá, scanadh ar ‘bun’ na farraige nó ‘leaba’ na farraige na farraige san áit dheireanach a raibh Amelia, go bhfios dúinn. Ag an áit sin, bhí an grinneall thart ar 5km faoin dromchla. D’úsáid siad sonóir agus tháinig cruth aisteach ar ais…cruth eitleáin.

Trealamh sonóra

Is é atá i gceist le sonóir ná teicníc a úsáideann fuaim-thonnta le heolas a bhailiú faoi rudaí atá faoin uisce. Cuireann trealamh sonóra fuaimeanna amach agus ‘éisteann’ sé leis na macallaí a thagann ar ais. Sa chás seo, bhí na fuaimeanna a phreab ar ais ón ghaineamh ar ghrinneall na farraige difriúil leis an mhiotal a bhí san eitleán agus tháinig cruth eitleáin ar ais.

Cé nach bhfuil gach duine ar aon intinn gurb é seo eitleán Amelia, is mian le Deep Sea Vision dul ar ais agus níos mó eolais a bhailiú.


Le déanamh:

Ar léarscáil, aimsigh an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Atlantach.


Bhí Amelia ag iarraidh turas 4,000km a dhéanamh. Úsáid sreang nó rialóir agus déan liosta de na háiteanna atá 4,000km ar shiúl ó do theach féin. Beidh ort a sheiceáil cá mhéad ciliméadar atá i gceist le gach ceintiméadar ar an léarscáil ar dtús.


Pictiúir

Amelia lena lámh ar an lann: Everett Collection / Shutterstock.com


meas