Meabhairshláinte na bPáistí



An 31ú Eanáir, 2024

I dtuaisceart na tíre an tseachtain seo, táimid ag ceiliúradh Sheachtain Mheabhairshláinte na bPáistí. Ach, le fírinne, is téama tábhachtach é seo ar fiú do gach scoil aird a thabhairt air, is cuma cá bhfuil sí sa tír.


Le blianta beaga anuas, tá daoine ag caint níos mó faoin mheabhairshláinte. Aithnítear anois go mbíonn tionchar mór ag an mheabhairshláinte ar an chorp. Má bhíonn tú buartha faoi rud éigin, seans go mbeidh do bholg nimhneach nó go mbeidh tinneas cinn ort chomh maith.


Ar feadh na mblianta, shíl daoine fásta nár bhain fadhbanna meabhairshláinte le páistí. Níor tugadh mórán airde ar pháistí agus níor éist daoine fásta leo nuair a dúirt siad go raibh siad buartha nó imníoch. Ach anois, aithníonn gach duine gur féidir le strus agus imní cur isteach orainn ar fad, is cuma cén aois atá againn. Is mar gheall air sin a cuireadh tús le Seachtain Mheabhairshláinte na bPáistí. I mbliana, an téama atá ann ná “Tá guth agam!” Tá sé in am ag na daoine fásta éisteacht leis an mhuintir óga!


Le linn na seachtaine seo, bímis airdeallach faoi chúrsaí sláinte taobh istigh dár n-intinn féin. Is féidir le strus sa saol imní a chur orainn uilig, mar shampla, scrúdú ar scoil, bogadh chuig rang nua, gan trácht ar an iliomad imeachtaí a tharlaíonn inár saol baile.


Ach, an rud is tábhachtaí le cuimhneamh air, ná go dtig linn uilig dea-rudaí a dhéanamh a chuidíonn lenár meabhairshláinte. Nuair a bhímid in ísle brí, nó nuair a fheicimid cara in ísle brí, ba cheart dúinn triail a bhaint as na moltaí seo. Cuideoidh siad lenár bhfolláine go ginearálta - sláinte fhisiceach agus sláinte mhothúchánach.


Má bhíonn fonn ort féin, agus ar do rang, b’fhéidir, tabhairt faoi na cúig chéim inmholta sa phóstaer thuas, seo chugaibh roinnt smaointe le cur i gcrích an tseachtain seo:-

An Luan - Bí i dteagmháil! Cad faoi shiúl abhaile ón scoil le cara? Nó socraigh le bualadh le cara i ndiaidh am scoile? Nó, má bhíonn sé ag cur, labhair lena chéile ar an ghuthán / idirlíon?


An Mháirt - Bí aclaí! Rith (nó siúl go gasta) ar feadh míle. (B’fhéidir go ndéanann do scoil an Mhíle Órga in aghaidh an lae?)


An Chéadaoin - Tabhair aird! Gabh ar shiúlóid ranga (nó le do theaghlach) agus cuardaigh rudaí ar a bhfuil dath éagsúil (plandaí, bláthanna, scamaill, srl.) Cá mhéad dath éagsúil a fheiceann tú?


An Déardaoin - Lean den Fhoghlaim! Seo dúshlán beag don rang. Gabh taobh amuigh - chuig clós na scoile, nó chuig páirc atá cóngarach don scoil - agus foghlaim faoin timpeallacht. An dtig leat an méid seo rudaí thíos a ainmniú i do thimpeallacht?

5 rud is féidir leat a fheiceáil

4 rud is féidir leat a chloisteáil

3 rud is féidir leat a mhothú (ná déan dearmad do lámha a ní ina dhiaidh sin)

2 rud is féidir leat a bholú

Ag am lóin, nó sa bhaile, bain triail as 1 rud nua a bhlaiseadh


An Aoine - Bí fial! Smaoinigh ar rud éigin deas a thiocfadh leat a dhéanamh do dhuine eile. Ní chaithfidh tú a rá leis an duine go bhfuil sé ar intinn agat é a dhéanamh. Go díreach, bí cineálta agus cuidigh le cara sa rang, le do mhúinteoir, nó le duine éigin sa teaghlach. Cá mhéad aoibh an gháire a chuirfidh tú ar aghaidh daoine eile inniu?


Le plé nó le déanamh

Ar mhothaigh tú in ísle brí in am ar bith? Cad é a chuidigh leat mothú níos fearr?


An bhfuil caitheamh aimsire agat, nó rud éigin is maith leat a dhéanamh, a chuireann ar do shuaimhneas thú? Cad é atá ann agus cad é mar a mhothaíonn tú nuair a bhíonn tú ag dul dó?


Cé leis a labhrófá dá mbeifeá in ísle brí?Cé leis a labhrófá dá mbeifeá in ísle brí?Cé leis a labhrófá dá mbeifeá in ísle brí?Cé leis a labhrófá dá mbeifeá in ísle brí?


Cé acu de na 5 chéim i dtreo na folláine is fearr leat féin? Cad chuige?


An maith leat an liosta moltaí le cur i gcrích an tseachtain seo? Ar mhaith leat iad a dhéanamh? Mura bhfuil cuid acu oiriúnach, an dtiocfadh leat smaoineamh ar roghanna eile? Cad iad na roghanna eile sin?


An éisteann daoine fásta le guth páistí an lae inniu? An féidir le páistí difear a dhéanamh ar domhan sa lá inniu? Mínigh do fhreagra.





meas