Puzail

An 31ú Eanáir, 2024


Tharla Lá Idirnáisiúnta na bPuzal Dé Luain na seachtaine seo. B’fhéidir nach raibh a fhios agaibh go mbíonn ceiliúradh ar na puzail gach bliain ar fud an domhain ag deireadh mhí Eanáir? Cén fáth, i do bharúil, a mbeadh tíortha ar fud na cruinne ag iarraidh aird a thabhairt ar phuzail? Agus cén sórt puzal atá i gceist leo?


Bhuel, cuirtear gach sórt puzail san áireamh sa cheiliúradh bhliantúil seo - míreanna mearaí, sudoku, cuardach focal agus crosfhocal, chomh maith le puzail ar ríomhaire.


Meastar gurb é John Spilsbury a chuir tús leis an chéad phuzal de mhíreanna mearaí, thiar in 1760. Cartagrafaí a bhí ann, is é sin, duine a bhíonn ag tarraingt léarscáileanna. Chruthaigh sé léarscáil den Eoraip ar pháipéar agus ghreamaigh sé í ar chlár adhmaid. Ansin, ghearr sé an clár adhmaid i bpíosaí thart ar na tíortha. Bhain sé úsáid as na míreanna mearaí sin leis an tíreolaíocht a theagasc. (Seans go bhfuil puzal cosúil leis sin i do sheomra ranga - ar shíl tú gur smaoineamh nua-aimseartha a bhí ann?)

(Na míreanna mearaí a chruthaigh John Spilsbury. Pic trí Wikimedia Commons/Réimse Poiblí)


Tá a lán buntáistí ag baint le puzail. Cuidíonn siad leat do chuimhne agus do scileanna fadhbfhuascailte a fheabhsú. Cuidíonn siad leat d’aird a dhíriú ar fhadhb, fiú nuair a bhíonn cuma dheacair uirthi i dtús báire. Dá mhéad a dhéanann tú cleachtadh ar phuzail, is fearr a éiríonn tú leo. Agus má bhímid ag obair ar phuzal le duine, nó daoine, eile, bímid ag cleachtadh ár scileanna sóisialta agus cumarsáide chomh maith.


Deir na saineolaithe go gcuidíonn puzail linn bheith ag foghlaim go loighciúil. An chiall atá leis sin ná go gcuidíonn siad linn fadhbanna a bhriseadh anuas i gcéimeanna beaga. Mura n-éiríonn leat an fhadhb a fhuascailt ar an chéad iarracht, gabh siar tríd do chéimeanna go bhfeice tú cá bhfuil an mheancóg. In amanna, caithfimid roinnt mhaith iarrachtaí a thriail sula bhfaighimid an freagra ceart, ach beidh linn má leanaimid orainn. Agus má mhothaíonn tú go bhfuil an puzal ródheacair duit, iarr cuidiú ar chara agus bí ag comhoibriú leis nó léi - mar a deir an seanfhocal “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”.

(Páistí in Astana sa Chascastáin, ag comhoibriú ar mhíreanna mearaí. Pic le Cholpan/Shutterstock.com)


Mar sin, bain triail as puzal nó dhó an tseachtain seo - bíonn spraoi leo agus bíonn cuid mhór le foghlaim uathu.


Le plé nó le déanamh

An maith leat féin puzail? Cén cineál puzail is fearr leat? Cen fáth?


Cá mhéad bliain ó shin a rinneadh an chéad mhíreanna mearaí?


D’úsáid John Spilsbury na míreanna mearaí s’aige le tíreolaíocht na hEorpa a theagasc. Ar chuidigh puzal ar bith leat rud éigin a fhoghlaim roimhe? Cad é an sórt puzail a bhí ann agus cad é an t-eolas a d’fhoghlaim tú as?


Go minic, bíonn páistí ag súgradh le míreanna mearaí nuair a bhíonn siad an-óg. Cén fáth, i do bharúil, a dtugtar míreanna mearaí do pháistí óga? An fiú do pháistí níos sine (agus daoine fásta fiú) leanúint de bheith ag déanamh míreanna mearaí?


Ar mhaith libh tráthnóna a chaitheamh ag súgradh le puzail ar scoil? Scríobh litir chuig do mhúinteoir ag míniú dó / di an fáth a mbeadh sé úsáideach agus oideachasúil puzail a dhéanamh in áit obair scríofa.


Bain triail as cuid de na cluichí / puzail atá ar Nuacht Anois. (Amharc faoin scagaire “Téamaí” atá ar leataobh ar liosta iomlán na n-alt le teacht ar na Cluichí / Puzail.) 

An dtig leat na tíleanna seo a athshocrú leis an phictiúr cheart a dhéanamh? Cliceáil ar an tíl lena bogadh.

Cluiche le Kirilllive/Github

meas