Piongainí, Piongainí!

An 19ú Eanáir, 2024



Is éin iad na piongainí nach bhfuil eitilt acu. Cé go bhfuil sciatháin ag éin eile le haghaidh eitilte, tá lapaí ag piongainí le cuidiú leo snámh san uisce. Bíonn cuma chiotach orthu agus iad ag siúl ar an talamh ach bíonn siad ábalta snámh go gasta san uisce. Thig leo tumadh go domhain san uisce, cuid acu chomh domhain le 500m.

Is ar an leathsféar ó dheas a chónaíonn piongainí.Tá Antartaice sa lár anseo. 


Is ag an chósta is mó a chónaíonn siad, nó itheann siad éisc agus crill san fharraige. Ní chónaíonn piongainí sa leathsféar thuaidh den domhan – bíonn siad uilig le fáil sa leathsféar theas, ar chósta an Antartaigh agus na hoileáin thart uirthi, den chuid is mó, cé go mbíonn piongainí chomh fada ó thuaidh leis an Afraic, an Nua-Shealainn agus Meiriceá Theas. Ar an drochuair, tá cuid de na piongainí seo iontach leochaileach mar gheall ar athrú aeráide agus cúiseanna eile.

(Úsáideann piongainí na sciatháin le snámh.)


Cé nach n-úsáideann piongainí a gcuid cleití le cuidiú leo eitilt, tá úsáid eile leo. Tá na cleití iad féin iontach beag agus bíonn siad leagtha amach ar mhullach a chéile, rud a choinníonn te iad san fhuacht. Chomh maith leis sin, tá siad uiscedhíonach – ní ligeann siad an t-uisce isteach agus iad ag snámh. Tá na piongainí cleachta le bheith ina gcónaí in áiteanna iontach fuar agus bíonn corp ramhar acu a choinníonn te iad fosta.

(Coinníonn corp ramhar an teas istigh.)


Déanann dhá chineál ainmhí seilg ar an phiongain. Agus iad san uisce, déanann an chráin dhubh iarracht iad a ithe. Ar an talamh, déanann an rón liopaird iad a sheilg. Cosúil leis na héin eile, tosaíonn an phiongain a saol mar ubh. Coinníonn na tuismitheoirí na huibheacha te san fhuacht. Mar shampla, coinníonn an phiongain fhireann na huibheacha ar bharr na gcos sa dóigh nach n-éiríonn siad fuar. Ar an drochuair, áfach, itheann éin eile na huibheacha agus na piongainí óga chomh maith, má thig leo.

(Coinníonn na piongainí na hóga te san fhuacht.)


Bíonn glao speisialta ag gach piongain agus cuidíonn sin leo a gcuid cairde nó a dteaghlach a aithint i slua mór. Tá 18 speiceas de phiongainí ann agus tá siad roinnte ina gceithre phríomhchineál:


Piongainí Móra

Is iad an rí-phiongain agus an phiongain impireach an dá speiceas piongaine is mó. Is í an phiongain impireach an phiongain is mó. Thig leis an phiongain seo bheith chomh hard le 1.3m agus chomh trom le 23kg. Tá an rí-phiongain rud beag níos lú ná an phiongain impireach ach tá sí níos mó ná piongain ar bith eile. Difear amháin idir an dá mhórphiongain seo ná go bhfuil gob níos faide ag an rí-phiongain agus tá sé níos dírí.

(An rí-phiongain)


Piongainí Scuab-Eireaballacha

Cé go mbíonn eireaball beag gairid ag gach piongain, bíonn ruball níos mó ag trí cinn acu, an phiongain smig-irise, an phiongain gheintiúch agus piongain Adélie. Bíonn roinnt cleití fada acu ar an ruball seo. Úsáideann na piongainí seo an ruball le cuidiú leo siúl ar an talamh nó le cnoc a dhreapadh. Chomh maith leis sin, cuidíonn sé leo tiontú go gasta san uisce agus iad ag snámh.

(An phiongain smig-irise)


Piongainí Cíoracha

Is éin mheánmhéide iad na piongainí cíoracha a bhíonn ina gcónaí sna hoileáin sna codanna deisceartacha den Aigéan Atlantach, an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach. An rud is suntasaí faoi na piongainí seo ná go mbíonn cleití acu ó na súile go dtí cúl a gcinn, cosúil le masc beag. Bíonn cónaí orthu san fharraige cuid den bhliain agus ar an talamh nuair a bheireann siad uibheacha. Tá seacht gcineál piongainí cíoracha ann, an phiongain mhacarónach, ar an sampla is clúití acu.

(Piongainí macarónacha)


Piongainí Bandacha

Seo iad na piongainí is lú ar fad. Tá ceithre chineál ann, piongain Pheiriúch agus piongain Afracach, mar shampla, agus cónaíonn siad in áiteanna atá rud beag níos teo ná Antartaice. Is í an phiongain Afracach an t-aon phiongain a chónaíonn san Afraic. An rud is suntasaí faoi na piongainí seo ná go bhfuil banda nó stríoc timpeall an bhrollaigh acu. Chomh maith leis sin, bíonn craiceann bándearg acu ar an aghaidh, in aice leis na súile, de ghnáth. Bíonn glaoch saoithiúil ag na piongainí seo, glaoch atá cosúil le búir asail.

(Piongainí Afracacha)


Bíonn cleití boga, nó clúmh, ar phiongainí óga.


Le déanamh

Cad é tá ar eolas agat faoi Antartaice? Mar rang, an féidir libh eolas ar bith a bhreacadh síos i ngrúpaí agus ansin é a roinnt leis an rang?

Léigh an t-alt arís agus déan nóta de na dóigheanna a bhfuil piongainí in oiriúint don ghnáthóg s’acu.

Faigh amach tuilleadh faoi chreachadóirí na bpiongainí. Cad é an chuma atá orthu? Tarraing pictiúr díobh.  




meas