Eitleoga

An 11ú Eanáir, 2024


Ar eitil tú eitleog riamh? Cad é mar a d’éirigh leat? Seans go ndearna tú d’eitleog féin fiú - cad é an chuma a bhí uirthi?


Ar an Domhnach beag seo, an 14ú lá Eanáir, tarlóidh Lá Idirnáisiúnta na nEitleog. Féile ón India atá ann, a thosaigh i gceantar Gujarat in iarthar na hIndia i dtús báire. Ach, le blianta anuas, spréigh an fhéile amach ar fud na tíre sin, agus, as sin, chuig tíortha eile.


Creid é nó ná creid, téann stair na nEitleog siar thart faoi 3000 bliain! Is sa tSín a ceapadh an chéad eitleog riamh.

(Tá stair an-ársa ag na heitleoga sa tSín.)


Tháinig na heitleoga go dtí an India idir 300 - 400 bliain ó shin. I dtús báire, bhí eitilt na n-eitleog ina caitheamh aimsire ag na huaisle amháin. Ach, nuair a d’éirigh leis an India saoirse a bhaint amach ó Impireacht na Breataine (i 1947) thosaigh an chosmhuintir ag eitilt na n-eitleog mar shiombail den tsaoirse agus den spraoi.

(Eitleoga ag eitilt in Ahmadahbat, Gujarat, in Eanáir 2019. Pic le SAMAREEN/Shutterstock.com)


I 1989, tharla an chéad cheiliúradh de Lá Idirnáisiúnta na nEitleog. Tháinig daoine ó thíortha ar fud an domhain, amhail Ceanada, an Bhrasaíl, an Fhrainc, an tSeapáin, an Astráil, srl., lena n-eitleoga agus a scileanna eitilte a thaispeáint. Makar Sankranti an t-ainm a thugtar ar an Fhéile ar fud na hIndia anois. Léiríonn sé go bhfuil deireadh an gheimhridh ann agus tús le haimsir níos teo.


Bíonn eitleoga móra, fada agus casta le feiceáil san fhéile, amhail dragain ón tSín.


Ach bíonn cuid mhór eitleog simplí ann, chomh maith, a dhéantar le páipéar éadrom daite agus fráma bambú.


Bíonn comórtais ‘troda’ ann leis na heitleoga, in amanna, fosta. Sna comórtais seo, greamaítear rís agus sliseanna beaga gloine ar théad na heitleoige. Mar chuid den ‘troid’ idir na heitleoga, déantar iarracht téada na n-eitleog eile a ghearradh sa dóigh go dtitfidh na heitleoga eile sin go talamh!

(Eitleog a chaill troid agus a briseadh nuair a thit sí go talamh.)


Le plé nó le déanamh

An ndearna tú, nó, ar eitil tú eitleog riamh? Cad é mar a bhí sé?


Amharc ar na pictiúir san alt. Cén eitleog is fearr leat? Déan cur síos uirthi. Cén fáth ar fearr leat an ceann sin?


Cuardaigh na tíortha atá luaite san alt ar léarscáil an domhain.


An ndéanann cruth na heitleoige difear leis an dóigh a n-eitlíonn sí, dar leat? Mínigh do fhreagra.


Bíonn trí chuid go minic ar eitleog - eireaball, téad agus cruth na heitleoige féin. Cé acu cuid is tábhachtaí, i do bharúil?


Cén sórt áite ina dtiocfadh leat eitleog a chur ag eitilt? Mar rang, smaoinigh ar liosta áiteanna atá cóngarach don scoil. Cé acu áit ar an liosta ab fhearr, dar leat? (B’fhéidir go dtiocfadh libh bhur n-eitleoga féin a dhéanamh agus na háiteanna difriúla a thástáil lena fheiceáil cé acu is fearr.)



meas