Dúil ag tioránasár óg sna cosa!

An 10ú Eanáir, 2024


Cad é a d’ith na tioránasáir óga?


Ar smaoinigh tú riamh ar na rudaí a d’ith dineasáir óga? Tháinig eolaithe i gCeanada ar chnámha tioránasáir óig in 2009 ach ní bhfuair siad an seans scrúdú ceart a dhéanamh ar na cnámha go dtí anuraidh. Cuireadh iontas an domhain orthu nuair a d’amharc siad go mion ar na cnámha, nó chonaic siad go raibh an 2 bhéile dheireanacha a d’ith sé go fóill ina bholg! Ní hamháin sin, bhí an dá bhéile go díreach mar an gcéanna, cosa citipes.

Seo na cnámha ar tháinig siad orthu. Na cnámha sa dronuilleog, sin an bolg agus cnámha na ndineasár níos lú a d’ith an tioránasár óg



Síleann eolaithe gur seo an sórt cuma a bhí ar an citipes


Is dineasár beag a bhí sa citipes. Síleann eolaithe go raibh cleití air agus go raibh sé rud beag cosúil le turcaí mór. Tagann an t-ainm ón Laidin agus ciallaíonn sé lúfar gasta. Síleann na heolaithe go raibh an tioránasár féin lúfar gasta fosta, rud a chuidigh leis dineasáir bheaga a cheapadh. D’úsáid sé na fiacla géara s’aige leis na cosa a ghearradh agus a tharraingt den citipes, nó bhí na cosa breá feolmhar. Níor ith sé cuid ar bith eile.


Bhí na heolaithe ábalta a oibriú amach go raibh cnámha dhá citipes dhifriúla sa bholg. Tá dath glas ar chnámha citipes amháin agus dath gorm ar chnámha an chinn eile


Méid an citipes agus an tioránasáir óig i gcomparáid le duine. Na cnámha uilig atá le feiceáil, sin na cnámha uilig ón phictiúr thuas. Bhí an tioránasár thart ar 6 bliana d’aois.


Bhí na heolaithe ábalta an leid seo ó ghoile an tioránasáir óig a chur le chéile le leideanna eile a bhí acu cheana, ó chnámha eile a d’aimsigh siad. Chuidigh sé seo leo pictiúr níos fearr a fháil den dóigh ar fhás an tioránasár. 

Tá dhá chiall leis an fhocal goile sa Ghaeilge. 

Ciallaíonn sé bolg. Tá tinneas goile orm – tá tinneas boilg orm.

Ciallaíonn sé ‘fonn a bheith ort rudaí a ithe’ nó na ‘cineálacha rudaí is maith leat a ithe’. Mar shampla, níl goile agam don iasc. Tá goile maith aige.


Bhí an tioránasár óg lúfar go leor leis an citipes a cheapadh


Sa chéad leath dá shaol, bhí sé tánaí gasta. Bhí sé lúfar aclaí agus bhí sé ábalta rith i ndiaidh dineasáir bheaga ghasta cosúil leis an citipes. Ach thart ar 11 bhliain d’aois, agus é meánaosta, tháinig athrú mór ar chorp an tioránasáir. Thosaigh sé a fhás arís. D’éirigh na cnámha níos troime agus níos láidre agus d’fhás sé chóir a bheith 10 n-oiread níos mó*!

D’fhás cloigeann agus fiacla an tioránasáir níos mó agus níos láidre


D’fhás an cloigeann, agus na fiacla, i bhfad níos mó. Thiocfadh leo craiceann, feoil agus cnámha a stróiceadh agus a bhriseadh go furasta. Mar sin de, ag an aois seo, agus é i bhfad níos mó, thosaigh an tioránasár ar dhineasáir dhifriúla a ithe – na luibhiteoirí ollmhóra, a bheadh i bhfad rómhór agus róláidir don tioránasár óg.

Tioránasár mór ag seilg luibhiteoirí móra (agus dhá citipes ag amharc orthu)


Síleann na heolaithe gur chuidigh sé seo le níos mó tioránasár fás aníos go slán sábháilte. Bhí seans níos lú ann go maródh na luibhiteoirí móra iad nó níor bhac an tioránasár beag leo ar chor ar bith. Bhí seans níos lú ann go maródh tioránasáir mhóra iad nó ní raibh aon iomaíocht eatarthu – ní raibh siad ag iarraidh an bia céanna a ithe.

Ghortódh luibhiteoirí móra láidre mar seo tioránasár óg go furasta


Le plé

🦖 Smaoinigh ar an dá chiall atá leis an fhocal goile – an dtig leat dhá abairt a scríobh faoin tioránasár óg leis an dá chiall a léiriú?

🦖 An dtig leat smaoineamh ar ainmhithe ar bith eile a n-athraíonn a gcorp go mór agus iad ag fás aníos?

🦖 Bíonn an-suim ag daoine sna dineasáir. Cén fáth, i do bharúil?

🦖 An bhfuil spéis agat féin sna dineasáir? Cén fáth?



Creidiúintí

meas