Lá le bheith saoithiúil!

An 10ú Eanáir, 2024



Inniu, an 10ú lá Eanáir, agus ar an lá seo gach bliain, dírítear aird ar na daoine a bhíonn saoithiúil! Ach cé hiad an dream craiceáilte sin? Bhuel, riamh anall, bhain an cur síos “saoithiúil” le rudaí agus le daoine nach raibh “normálta”. B’fhéidir nach ndearna siad na rudaí céanna le gach duine eile, nó, nach ndearna siad na gnáthrudaí ar an dóigh chéanna le gach duine eile. 

(Is dócha nach bhfaca tú duine ar bith ag siopadóireacht agus iad gléasta mar seo roimhe!)


I nGaeilge, chuir muid “éan corr” ar dhuine a bhí difriúil, nó a sheas amach sa slua. In amanna sa stair, tugadh drocham do dhaoine mar sin a sheas amach sa slua. Is minic, san am a chuaigh thart, gurbh fhearr le rialtas nó le pobal gach duine a bheith mar an gcéanna, ag leanúint na rialacha agus na nósanna céanna. 

(Ní i gcónaí a leanann "éan corr", nó duine saoithiúil, na nósanna céanna le gach duine eile.)


ACH, léiríonn an stair dúinn fosta nach iad na daoine normálta is cúis leis na hathruithe móra sa domhan. Nuair a tharlaíonn athruithe móra, is iad na daoine saoithiúla a bhíonn taobh thiar díobh. Ní ghlacann duine saoithiúil leis an domhan mar atá sé. Bíonn dearcadh difriúil ar an domhan aige nó aici agus feiceann sé nó sí féidearthachtaí eile, rudaí nua a tharlódh dá gcuirfí athruithe i bhfeidhm. 

(Bíonn brionglóidí móra in amanna ag na daoine corra agus oibríonn siad go crua leis na pleananna sin a chur i gcrích.)


Inniu, mar sin, déanaimis ceiliúradh ar na daoine atá saoithiúil, nó difriúil leis an ghnáth-dhóigh - a bhuí leosan, a tháinig athruithe sa saol. 

(In amanna, bhí ar na daoine a bhí saoithiúil snámh in aghaidh an tsrutha le rud éigin úr a chur i gcrích.)


Le plé nó le déanamh

Cad iad na dóigheanna ina dtiocfadh le daoine a léiriú go bhfuil siad saoithiúil, nó difriúil, i do bharúil? 


Cad é a bhíonn i gceist le ‘normálta’? An dtig leat cur síos a thabhairt air? 


An bhfuil duine ar bith ‘saoithiúil’ i do shaol? Cad é a dhéanann sé / sí a bhíonn aisteach? An gcuireann siad miongháire ort? Nó an mbíonn craic agat leis / léi? 


Dá ndéarfadh duine leat go bhfuil tú féin saoithiúil cad é mar a mhothófá? 


Dá ndéarfadh duine leat go bhfuil do chara saoithiúil cad é a dhéanfá nó a déarfá? 


Is minic a shíl daoine go raibh aireagóirí “saoithiúil” ar dhóigheanna. Smaoinigh ar aireagán nó fionnachtain - cé a chruthaigh é? Déan taighde le giota eolais a fháil amach faoin duine sin. Ar shíl daoine go raibh an cruthaitheoir sin saoithiúil ar bhealach ar bith? 


An bhfuil sé i gcónaí ceart go leor a bheith saoithiúil, nó difriúil le daoine eile? Nó, an dtig leat smaoineamh ar amanna nuair is fearr bheith mar chuid den slua, nó ag déanamh na rudaí céanna le daoine eile?

 .


meas