Comórtas na gCártaí Nollag 2023 – na Buaiteoirí

An 13ú Nollaig, 2023


Míle buíochas le gach duine a sheol isteach iontráil!

Tá ‘Comórtas na gCártaí Nollag, 2023’ druidte anois. Ba mhaith le NuachtAnois buíochas mór a ghabháil le gach uile dhuine agus le gach uile scoil a sheol iontráil isteach. Bhí an caighdeán thar a bheith ard ann arís i mbliana agus fuair muid na céadta cárta.

Bhí Foireann Iomlán NuachtAnois ag obair mar mholtóirí i mbliana – caithfidh muid a rá, bhí cúpla titim amach ann nó bhí sé iontach deacair againn aontú ar bhuaiteoir, ach…

Sa deireadh…

shocraigh muid…

an bhfuil sibh réidh?


ar bheirt bhuaiteoirí!

 

Anna-Rose McStravick as Gaelscoil Aodha Rua, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain!


Cárta Anna-Rose

 

agus

 

Mary-Kate Mageean, Bunscoil Mhuire agus Phádraig, Dún Pádraig, Co. an Dúin!


Cárta Mary-Kate

 

Comhghairdeas leo beirt! 

 

Bhí caighdeán na gcártaí ar fad THAR A BHEITH ARD agus tá sé soiléir gur chuir gach duine an-iarracht isteach, go raibh míle maith agaibh. Ba bhreá linn gach uile chárta a thaispeáint daoibh ach ghlacfadh sé uair an chloig, nó níos mó! Mar sin, roghnaigh muid dornán de na cártaí a fuair ardmholadh agus chuir muid le chéile iad sa scannán beag seo…bainigí sult astu!

 

 

Guíonn NuachtAnois Nollaig Mhór Mhaith agus bliain úr faoi shéan agus faoi shonas daoibh uilig!


meas