1. Bia ag athrú

An 8ú Nollaig, 2023


Cén sórt bia is maith leat a ithe? Cá as a dtagann an bia a ithimid gach lá? Conas a dhéanann daoine bia réidh le hithe? An bhfuil a fhios agat go bhfuil bia iontach tábhachtach dúinn - gan é, ní bheimis ábalta rud ar bith a dhéanamh! 

(Tugann bia sárchumhachtaí dúinn!)


Tá an bia atá againn anois difriúil leis an bhia a bhí ag daoine fadó. Tá níos mó eolais againn anois ar na dóigheanna le bia a stóráil agus lena athrú. Mar shampla, tá a fhios againn anois go maireann bia níos faide má choinnítear fuar é. 

(Coinníonn daoine bia sa chuisneoir le cuidiú leis maireachtáil níos faide.)


Bia fuar

Nuair a bhíonn an aimsir te sa samhradh, is maith linn oighear a chur inár ndeochanna sa dóigh is go mbeidh siad deas fuar. 

(Déanann an t-oighear an deoch níos fuaire.)


Bíonn oighear le fáil sa nádúr nuair a éiríonn an aimsir iontach fuar. 

(Nuair a éiríonn sé níos fuaire sa gheimhreadh athraíonn uisce go hoighear.)


Is féidir leat oighear a dhéanamh tú féin má chuireann tú uisce sa reoiteoir.


Reonn an t-uisce sa reoiteoir. Ach cad é a tharlaíonn nuair a ghlacann tú an t-oighear amach as an reoiteoir?

Oighear

(Nuair a éiríonn oighear níos teo, tosaíonn sé a leá.)


Is féidir linn bia a dhéanamh freisin trí dheochanna a fhuarú go dtí go mbíonn siad reoite. Ach cad é a tharlaíonn don bhia sin nuair a ghlacann tú é amach as an reoiteoir?

(Nuair a éiríonn na bianna seo níos teo, tosaíonn siad a leá. Ithigí iad sula dtiontaíonn siad ina leacht arís!)


Le plé nó le déanamh

Cén cineál bia is fearr leat féin?


An mbíonn tú ag cabhrú sa chistin sa bhaile? Cad iad na jabanna a dhéanann tú ansin?


I gcuideachta duine fásta, déan triail ar bhia a athrú le fuacht tú féin.


Gan ainm an bhia a lua, déan cur síos ar an phictiúr nó ar an fhíseán is fearr leat ón alt seo. An aithníonn do chairde sa rang cén pictiúr nó físeán atá i gceist agat?


An dtig leat na focail seo ón teacs a mhíniú do dhuine eile?

Níos fuaire, níos teo, reonn, reoite

(B’fhéidir go bhféadfá pictiúir a tharraingt leis na focail a mhíniú.)


Creidiúintí

meas