Lá Fibonacci 2023

An 22ú Samhain, 2023



Cá mhéad matamaiticeoir atá ar eolas agat? B’fhéidir gur chuala tú faoi Phíotágarás a chum teoirim le hachar an triantáin a oibriú amach. Nó Isaac Newton a d’úsáid calcalas le cur síos a dhéanamh ar an dóigh ar athraigh rudaí, cosúil le carr ag stopadh. Agus ní thig linn dearmad a dhéanamh de Ada Lovelace, a scríobh an chéad ríomhchlár riamh.

Ada Lovelace

Ach is é Fibonacci an réalta maidir le matamaiticeoirí! Agus tá lá speisialta ann dó Lá Fibonacci, an lá inniu. An rud is spéisiúla faoin dáta seo ná nach bhfuil baint ar bith aige lena shaol – ní hé seo a lá breithe ná lá a bháis. Cad chuige, mar sin, ar roghnaíodh an 23ú Samhain lena shaol a cheiliúradh?

Dealbh Fibonacci

Leis an cheist sin a fhreagairt, is gá dúinn amharc ar an rud mór matamaiticiúil a rinne sé. An rud is clúití faoi Fibonacci ná an rud a dtugaimid uimhreacha Fibonacci orthu. Is seicheamh nó sraith uimhreacha iad a thug Fibonacci faoi deara. Sa seicheamh sin, faighimid an chéad uimhir eile tríd an dá uimhir roimpi a shuimiú le chéile.


Mar sin, má chuireann tú na chéad cheithre uimhir i sraith, faigheann tú: 1, 1, 2, 3. I Meiriceá, cuirtear an mhí ar dtús, nuair a scríobhtar an dáta, agus is í an tSamhain an 11ú mí. Fágann sin an 2 agus an 3 don lá 23 – 23ú Samhain, an lá inniu.


An rud is tábhachtaí faoi uimhreacha Fibonacci ná go ndéanann siad patrún iontach speisialta. Tá an patrún seo le feiceáil i gcuid mhaith áiteanna thart timpeall orainn, go háirithe sa nádúr. Tóg bláth, mar shampla. Amharc air agus cuntais líon na bpeiteal air – seans mór gur uimhir Fibonacci é.


Agus tá an patrún sin le feiceáil ina lán rudaí eile – líon na ngas i bplanda, mar shampla, nó an patrún atá le feiceáil i sliogán. Fiú i rudaí móra cosúil le hairicín nó réaltra, ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne! 

Bealach na Bó Finne, ár réaltra féin

Agus tá cleas eile ag uimhreacha Fibonacci. Má ghlacaimid dhá cheann ar bith de na huimhreacha Fibonacci a thagann go díreach i ndiaidh a chéile, thig linn an ceann is mó a roinnt ar an cheann is lú leis an ‘chóimheas órga’ a fháil. Cuidíonn an cóimheas órga linn uimhreacha Fibonacci a oibriú amach. Is é an cóimheas órga ná 1:1.6 agus síltear gurb é sin an rud is áille leis an tsúil.


Tá an cóimheas órga le feiceáil i gcuid mhaith de na cruthanna atá thart timpeall orainn. Cruthanna sa nádúr agus cruthanna nach bhfuil chomh nádúrtha sin.

Le déanamh:

Amharc thart ar do sheomra ranga. An bhfuil pictiúr nó dearadh ann? An bhfuil sé ag teacht leis an chóimheas órga, dar leat? Tóg rialóir agus faigh amach na toisí [fad agus leithead de rud]. An bhfuil na toisí ag teacht leis an chóimheas órga? (Mar shampla, má bhíonn taobh amháin 1cm, beidh an taobh eile 1.6cm, 1.5cm agus 2.4, 2cm agus 3.2cm agus mar sin de.) Úsáid an graf seo thíos leis na toisí a oibriú amach.


Scríobh dán i gcóras Fibonacci. Mar sin, bíodh focal amháin i líne 1 agus líne 2, 2 fhocal i líne 3, 3 fhocal i líne 4 agus mar sin de. Tá sampla anseo thíos:


Scríobh (1)

mé (1)

dán beag (2)

ar leathanach bán. (3)

Thosaigh na línte ag fás. (5)

Cá raibh na focail uilig ag teacht as? (8)

Phreab siad aníos mar nóiníní i ngach áit ag clúdach mo leathanach bán (13)

Níor aithin mé i dtús báire go dtí go bhfaca mé an dáta gur Fibonacci ba chúis le mo dhán! (21)

(bunaithe ar smaoineamh de chuid Brian Bilston ina dhán ‘Word Crunching’).



Pictiúir

Dealbh Fibonacci: mepstock / Shutterstock.com


meas