Lá na bPáistí Uile


An 20ú Samhain, 2023


Bhí Lá na bPáistí Uile ann inné, an 20ú lá Samhna. Déantar ceiliúradh ar an lá seo gach bliain le haird a thabhairt ar Chearta na bPáistí, agus le daoine ar fud an domhain a ghríosú le bheith ag obair do leas na bpáistí ar fad.



Cuireadh tús le ceiliúradh an lae seo thiar i 1954, ach ghlac na Násiúin Aontaithe an chéim is mó go dtí seo, maidir le páistí an domhain, ar an dáta seo thiar i 1989, nuair a ghlac siad leis an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh. Cáipéis mhór sa dlí idirnáisiúnta atá ann sin, a leagann amach na cearta ba chóir a bheith ag páistí fud fad an domhain.
(Tá cead ag páistí anois labhairt amach ar son na gcearta s'acu. Dante Vergara ag labhairt leis na Náisiúin Aontaithe faoin Athrú Aeráide ar an 20/11/19)

Den chéad uair riamh, i 1989, thug an Coinbhinsiún cearta sa dlí do gach páiste. Roimhe sin, bhí cearta na bpáistí ag brath ar na daoine fásta. Ní raibh cearta ag páistí leo féin. Glacadh leis go dtabharfadh tuismitheoirí aire do pháistí mar chuid dá dteaghlach.
Tá 54 ceart sa Choinbhinsiún, a chlúdaíonn gach gné den saol. Ina measc, deir an Coinbhinsiún gur cheart go mbeadh cosaint ag páistí ó fhoréigean agus leatrom. Tá sé de cheart ag páistí fosta oideachas a fháil, chomh maith le teacht a bheith acu ar chúram sláinte. Thar aon eile, tá sé de cheart acu bheith beo agus saor ó chontúirt an bháis.


Ar an drochuair, i mbliana, tá a fhios againn uilig go bhfuil Iosrael ag tabhairt neamhairde ar chearta na bpáistí sa Phalaistín agus iad ag caitheamh buamaí anuas ar Gaza gach lá. Is beag otharlann atá fágtha oscailte i nGaza, ach oiread, do na daoine atá tinn. Le cuidiú Dé, ar an lá seo, smaoineoidh roinnt mhaith de rialtais an domhain ar na páistí bochta atá ag fulaingt sa Mheán-Oirthear, agus oibreoidh siad le chéile chun cearta na bpáistí sin a chosaint.
(páistí sa Phalaistín, áit nach bhfuil leictreachas ná ola le fail anois.)


Le plé nó le déanamh
Cá mhéad bliain ó shin ar glacadh leis an Choinbhinsiún um Chearta an Linbh?

Cá mhéad bliain atá sé ó chuir na Náisiúin Aontaithe tús leis an lá ceiliúrtha seo?

Níl ach 5 cheart luaite san alt. Cad iad na cearta eile atá sa Choinbhinsiún, dar leat? Scríobh amach liosta de na smaointe s’agat. Ansin, déan fiosrú ar an Choinbhinsiún Um Chearta an Linbh. Ar éirigh leat smaoineamh ar na cearta eile atá ann? Cad iad na cearta is tábhachtaí, dar leat?

Níl saol normálta ag na páistí sa Phalaistín faoi láthair. Níl siad ábalta dul ar scoil ná teacht ar chúram sláinte agus bíonn siad faoi chontúirt an bháis ó na buamaí. Níl guth acu, ar an drochuair. An dtiocfadh libhse bheith mar ghuth dóibh? Dearaigí póstaeir faoi Chearta na bPáistí.

Dá mbeadh deis agat scríobh chuig polaiteoir nó ceannaire rialtais faoin dóigh a bhfuil cearta na bpáistí á sárú faoi láthair sa Mheán-Oirthear, cad é a scríobhfá i litir?

(Le níos mó a fhoghlaim faoin drochstaid i nGaza léigh an t-alt seo.)


Creidiúintí

meas