ReelLIFE SCIENCE

An 17ú Samhain, 2023


Seachtain na hEolaíochta 2023 beagnach thart. Le seachtain anuas, ó cheann ceann na tíre, tá scoileanna ag dul as a mbealach le díriú isteach ar an eolaíocht, rud beag níos mó ná mar is gnách. 


Bhí scoileanna ag déanamh turgnamh, ag clárú torthaí, ag tuar torthaí, ag fiosrú agus ag foghlaim. 

Aithníonn scoileanna fud fad an domhain go bhfuil na hábhair eolaíochta ar fad iontach tábhachtach. Labhraíonn múinteoirí ar na hábhair ETIMeolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata

Cad é atá an gasúr seo a dhéanamh?


Cuidíonn na hábhair seo linn…

  • tuiscint a chur ar an dóigh a n-oibríonn rudaí sa saol; 
  • teacht ar bhealaí nua-aimseartha nó bealaí níos fearr le rudaí a dhéanamh; agus 
  • a bheith ábalta teacht ar réitigh nuair nach mbíonn rudaí ag obair i gceart.


Bíonn foghlaim eolaíochta iontach ag tarlú i scoileanna fud fad na tíre, agus ní le linn Sheachtain na hEolaíochta amháin. Cuid mhaith den am, áfach, ní chluineann duine ar bith eile fúithi ná ní fheiceann duine ar bith í. 

Bealach amháin le bhur gcuid foghlama san eolaíocht a thaispeáint don saol mór ná tríd an chomórtas ReelLIFE SCIENCE


Ach, más mian libhse an dea-obair a bhíonn ar bun agaibh a chur ar taispeáint don chuid eile den tír, tá bealach amháin trína bhféadfadh sibh sin a dhéanamh, agus bheadh seans agaibh €1000 a bhuachan freisin! D’fhéadfadh sibh cur isteach ar chomórtas físeán Reel Life Science.

Scoil Mhuire, Ros Muc – an chéad scoil leis an chomórtas a bhaint, thiar in 2013


Is comórtas é seo atá oscailte don tír ar fad, thuaidh agus theas. Oibríonn tú in éineacht le do rang agus le do mhúinteoir le físeán ETIM 3 nóiméad a chur le chéile ar bhur rogha topaic.

Tá seantaithí ag Gaelscoil Riabhach ar an chomórtas a bhaint, seo iad thiar in 2016 lena seic €1000


Is fiú go mór breathnú ar na físeáin iontacha ag bun an ailt seo le smaointe a fháil i dtaca leis na cineálacha topaicí a chlúdaigh scoileanna eile thar na blianta. Tá leideanna eile ar fáil ó shuíomh idirlín Reel Life Science freisin.

Mar thúsphointe, breathnaígí ar an fhíseán seo, a mhíníonn an méid atá i gceist leis an chomórtas.


Cuireadh tús leis an chomórtas in 2013 agus go dtí seo tá chóir a bheith 700 scoil i ndiaidh cur isteach air. Is iad Gaelscoil Riabhach, as Baile Locha Riach, a bhain an comórtas ARÍS i mbliana (bhain siad an comórtas roinnt uaireanta!) le físeán thar a bheith tráthúil faoi bholcáin agus creathanna talún – maith iad!

Fuair Gaelscoil Riabhach an bua arís i mbliana – caithfidh sé go bhfuil siad saibhir faoin am seo!


Caith súil ar fhíseán Ghaelscoil Riabhach a bhain comórtas 2023…


Caith súil ar chuid de na físeáin iontacha ó Ghaelscoileanna eile thar na blianta…


Scoil Mhuire, Ros Muc, 2013

Scoil Náisiúnta Iognáid, Gaillimh, 2014

Gaelscoil Bhaile Mhunna, BÁC, 2015


Gaelscoil Riabhach, Gaillimh, 2015

Gaelscoil Riabhach, Gaillimh, 2016

Gaelscoil Riabhach, Gaillimh, 2017


Gaelscoil Riabhach, Gaillimh, 2018

Gaelscoil Riabhach, Gaillimh, 2019

Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, 2021



Anois – an síleann sibh go bhféadfadh sibh féin an bhratach a choinneáil ar foluain don Ghaelscolaíocht i gcomórtas na bliana seo chugainn? Beidh iomaíocht ghéar ann!


Le plé/le déanamh

Breathnaígí ar na físeáin go léir. (Ní gá é a dhéanamh san aon am amháin, d’fhéadfadh sibh teacht ar ais chucu.) 

Déanaigí liosta – 

  • Cad iad na rudaí atá riachtanach le físeán maith a dhéanamh? (Smaoinigh ar threalamh, script, éifeachtaí srl.)
  • Cén sórt ról a bheadh ag na daoine difriúla a bheadh bainteach leis an fhíseán?

An féidir libh smaoineamh ar thopaic ar bith a chlúdaigh sibh féin sa rang, a bheadh maith don chomórtas seo?  

Cén físeán is mó a thaitin libh agus cén fáth?

Tar éis duit bheith ag breathnú ar na físeáin, déan liosta de thrí rud nua atá foghlamtha agat.

Smaoinígí ar gach rud a bheadh de dhíth le físeán a dhéanamh



meas