Diwali 2023

An 9ú Samhain, 2023


Ar thug tú faoi deara go mbíonn sé ag éirí níos dorcha an t-am seo den bhliain? Nár dheas bheith ag smaoineamh faoi shoilse agus rudaí geala? Sin go díreach an rud atá i gceist leis an fhéile ‘Diwali’, an fhéile a cheiliúrann Hiondúigh agus Sícigh ar fud an domhain. Tugtar ‘féile na soilse’ ar an fhéile seo agus beidh buaicphointe an cheiliúrtha ar siúl oíche Dhomhnaigh.

Bíonn cóisirí sráide ag daoine agus bíonn an bhéim ar na soilse – tinte ealaíne, soilse ar na sráideanna agus sna tithe agus coinnle gach áit. Tá go leor déithe ag na hIndiaigh, an áit ar thosaigh Diwali, agus cuireann daoine fáilte rompu teacht isteach sa teach. Cuireann siad laindéir in airde le fáilte a chur roimh dhéithe mar an Tiarna Gainéis agus an bandia Laxmi, agus maisíonn siad an áit le bláthanna agus píosaí éadaí daite. Is minic a thugann daoine bronntanais dá chéile le linn Diwali.

Laindéir

Is san oíche, agus an ghrian ag dul faoi, a lastar na lampaí, na tinte ealaíne, na pléascóga agus na spréachairí. Chomh maith leis sin, itheann daoine bia galánta agus bíonn ceiliúradh mór ann go dtí go mall.

Spréachairí

Cosúil leis an Cháisc, maireann an fhéile níos mó ná lá amháin. Maireann sí thart ar chúig lá, ag tosú Dé hAoine agus ag críochnú Dé Máirt, i mbliana. Agus tá cosúlacht eile idir Diwali agus an Cháisc. Is ceiliúradh é ar an bhua a bhíonn ag an bheatha ar an bhás agus an dóigh a mbíonn an bua ag an mhaith ar an olc. Is téamaí iad seo atá iontach coitianta ina lán creideamh.

Bíonn bia deas ag na daoine ag Diwali

San fhéilire Cheilteach, bíonn tábhacht leis an tSamhain agus Oíche Shamhna. Bíonn tinte cnámh againn agus go leor tinte ealaíne, rud atá iontach cosúil le Diwali.


Le déanamh:

Léigh tú san alt seo an dóigh a bhfuil Diwali cosúil le hOíche Shamhna agus leis an Cháisc. An bhfuil sé cosúil le féile ar bith eile, dar leat? Scríobh dhá sampla.


Déan 2 liosta i do fhocal féin de chosúlachtaí agus difríochtaí idir Diwali & Oíche Shamhna. 


Úsáid an t-inneall cuardaigh ar an Seomra Nuachta agus cuardaigh níos mó eolais ar Diwali.


Pictiúr: Sráid Parikh Mahendra N / Shutterstock.com


meas