Lá an Chineáltais ar na Meáin Shóisialta

An 8ú Samhain, 2023


Inniu ‘Lá an Chineáltais ar na Meáin Shóisialta’. Baineann daoine úsáid as na meáin shóisialta le cumarsáid a dhéanamh lena chéile ar líne agus lena nuacht agus a gcuid scéalta a roinnt le daoine eile.

Is maith le daoine scéalta a roinnt lena chéile – sa lá atá inniu ann, déanann siad é ar líne 


In amanna, postálann daoine pictiúir agus físeáin díobh féin agus den spórt nó caitheamh aimsire a bhfuil dúil acu ann. An fáth a ndeir muid gur meáin shóisialta iad seo ná go bhfeiceann daoine eile an phostáil agus is féidir leo freagra a thabhairt uirthi.

Bhain muid an cluiche! Roinnfidh muid an scéal ar líne!

 

Ach go fiú na haipeanna a ligeann duit teachtaireachtaí a chur chuig do theaghlach nó chuig do chairde, is meáin shóisialta iad sin fosta. Is féidir linn a rá gur meáin shóisialta iad cuid mhór de na cluichí ar líne – nó is féidir leat teachtaireachtaí a chur agus labhairt le daoine ar líne.

Imríonn daoine cluichí le cairde ar líne 


Go minic, úsáidimid an focal fíorúil agus muid ag caint faoin chumarsáid seo ar líne. Ciallaíonn an focal fíorúila bheag nó a mhór fíor, nó, cosúil le rud a bheadh fíor’. Ar bhealach, sin an fáth ar tháinig ann do ‘Lá an Chineáltais ar na Meáin Shóisialta’.

‘Réaltacht fhíorúil’ – tá difear idir cluichí a imirt a bhfuil cuma iontach fíor orthu agus na meáin shóisialta. Is fíordhaoine iad na daoine ar na meáin shóisialta!


Déanann daoine dearmad, agus iad ag plé le daoine eile go fíorúil ar líne – gur fíordhaoine iad na daoine ar an ríomhaire eile agus go bhfuil fíormhothúcháin acu. Na focail a scríobhann tú ar líne agus na rudaí a dhéanann tú ar líne, bíonn an éifeacht chéanna acu le focail a thiocfadh as do bhéal, dá mbeifeá ag caint leis an duine.

Ba mhaith linn uilig spraoi agus craic a bheith againn ar líne. Ach, ba cheart dúinn ár ndícheall a dhéanamh a bheith cineálta le daoine eile agus muid ag plé leo ar líne.

Tá mothúcháin ag na daoine a úsáideann na meáin shóisialta


Seo roinnt leideanna agus ceisteanna dúinn féin a chuideoidh linn bheith níos cineálta ar líne:


📱 Sula scríobhann tú rud faoi phictiúr nó faoi fhíseán duine eile, smaoinigh – an ndéarfá an rud céanna dá mbeadh an duine ina sheasamh os do chomhair?


📱 Mura dtig leat rud deas a rá – an gá duit rud gránna a rá, nó arbh fhearr fanacht i do thost?


📱 Níl sé deas ráflaí ná bréaga a scaipeadh faoi dhaoine eile, ar líne nó as líne. Arís, mura mbeifeá sásta an rud a rá le haghaidh an duine eile, ar cheart duit é a scríobh?


📱 Sula bpostálann tú an rud atá scríofa agat, smaoinigh…cad é mar a mhothóinn féin dá scríobhfadh duine eile seo fúmsa?

Smaoinigh sula mbrúnn tú an cnaipe!


Agus, an rud deireanach lena choinneáil i gcuimhne…


⚠️  Ná labhair le DUINE AR BITH ar líne nach bhfuil aithne agat air nó uirthi san fhíorshaol agus ná tabhair amach sonraí pearsanta.

Mura bhfuil aithne agat ar an duine san fhíorshaol – ná labhair leis nó léi ar líne!



An chuid is mó de na meáin shóisialta, níl siad dírithe ar pháistí bunscoile agus b’fhéidir gur dea-rud sin nó bíonn níos mó spraoi ag páistí san fhíorshaol seachas sa saol digiteach!


Le plé/le déanamh


📱 An dtig libh féin smaoineamh ar leideanna nó ceisteanna eile a chuideodh linn bheith cineálta ar líne?


📱 Beidh lá domhanda an chineáltais ann Dé Luain – mar rang, scríobhaigí liosta de rudaí a thiocfadh linn a dhéanamh le bheith cineálta lena chéile, ar líne agus as líne!


meas