Súil ar an airgead

An 6ú Samhain, 2023


An mbíonn tú maith le hairgead? An gcuireann tú airgead i dtaisce? B’fhéidir go bhfuil cuntas nó cárta bainc de do chuid féin agat?

Mura mbíonn tú cinnte faoi airgead, is fiú tosú a fhoghlaim faoi. Sa lá inniu, tá sé tábhachtach go mbímid uile ag foghlaim agus ag cleachtadh scileanna airgid. Ach, cad iad na scileanna sin?


Tuiscint - an dtuigeann tú luach an airgid? Má chuireann mamaí nó daidí nó cúramóir chuig an siopa thú le €20, leis an tsiopadóireacht a dhéanamh, cad é a dhéanfá? An rachfá thart leis an tralaí ag tógáil na mbrioscaí is fearr agus gach rud eile is maith leat, gan amharc ar na praghsanna? Nó, an bpiocfá amach na príomhrudaí (arán, bainne, torthaí agus cúpla rud don lón) agus tú ag amharc ar na praghsanna le bheith cinnte nach mbeadh níos mó rudaí sa tralaí agat ná mar is féidir leat a cheannach le €20?

Buiséadú - is ionann buiséadú agus bheith ag pleanáil le do chuid airgid. Abair go bhfaigheann tú €10 sa tseachtain mar airgead póca - cad é a dhéanann tú leis? An dtéann tú díreach chuig an siopa lena chaitheamh ar cibé rud a fheiceann tú ansin? Nó, an mbíonn plean agat? Mar shampla, €8 a chaitheamh ar iris agus milseáin, agus an €2 eile a shábháil.


Cur i dtaisce - Is ionann seo agus airgead a chur ar leataobh lena úsáid níos moille. Ar feadh na mblianta, chuir páistí boinn i dtaisce i muicín taisce, nó bosca taisce. Tarlaíonn sin go fóill, ach, sa lá inniu, tá seans ann go ndéanann tú do chuid airgid a shábháil go leictreonach.


Caitheamh go cliste - tá an scil seo ríthábhachtach na laethanta seo mar go bhfuil an costas maireachtála ag ardú i rith an ama. (An chiall atá leis sin ná go bhfuil sé ag éirí níos daoire bia a cheannach, billí teasa, srl. a íoc.) Fágann sin go mbíonn ar dhaoine fásta smaoineamh go cúramach faoi na hearraí a cheannaíonn siad. Mar shampla, tá seans ann go bhfuil na brioscaí is fearr leat chóir a bheith dhá oiread níos daoire anois ná mar a bhí siad trí bliana ó shin. B’fhéidir gur thosaigh do thuismitheoir nó cúramóir a cheannach brioscaí eile atá níos saoire. Léiríonn seo go bhfuil sé no sí cliste ag caitheamh airgid. Ar an drochuair, d’ardaigh na praghsanna sna siopaí go mór le cúpla bliain anuas, ACH, níor ardaigh pá na ndaoine an méid céanna. Mar sin, caithfidh tú bheith cliste agus tú ag caitheamh do chuid airgid, nó ní bheidh go leor airgid agat le gach rud ba mhaith leat a cheannach.


Bí cliste agus foghlaim cuid scileanna nua faoi airgead.


Le plé nó le déanamh

An bhfaigheann tú airgead póca? Cad é a dhéanann tú leis, de ghnáth?

An bhfuil tú maith cheana féin le scil ar bith atá luaite san alt? Cé acu scil? Mínigh cén dóigh a gcuireann tú an scil sin i bhfeidhm le d’airgead féin?

Cé acu scil thuasluaite is tábhachtaí, i do bharúil? Cad chuige a síleann tú sin?

An dtig leat smaoineamh ar rud amháin le déanamh a chuideodh leat féin, nó le do thuismitheoirí, nó cúramóirí le costais an teaghlaigh a ísliú giota beag?

Má chosnaíonn an cineál brioscaí is fearr leat €2.30 anois do phaicéad amháin, praghas atá dhá oiread níos daoire ná mar a bhí cúpla bliain ó shin, cá mhéad a bhíodh ar na brioscaí?

(Do na múinteoirí - tá áiseanna faoi chaitheamh airgid ar fáil ó CCEA anseo).


meas