Ag troid in éadan an Bhochtanais

An 17ú Deireadh Fómhair, 2023

Banc bia

Níl an méid céanna ag gach duine. Bíonn daoine áirithe saibhir agus, ar an drochuair, bíonn daoine eile ann nach mbíonn an oiread sin acu. Deir na saineolaithe go bhfuil roinnt rudaí de dhíth ar gach duine, mar atá:


bia agus uisce

sláinte

oideachas

áit le cónaí ann

Mura bhfuil go leor airgid ag duine leis na rudaí seo a fháil, deirtear go bhfuil an duine sin bocht. Cuid mhaith den am, ní bhaineann bochtanas le seans nó ádh – bíonn cúiseanna eile leis. In amanna, bíonn rudaí ann nach mbíonn smacht ag duine nó ag pobal orthu. Coinníonn na rudaí seo an duine nó an pobal bocht – cogadh, drochaimsir nó aeráid, tír eile a bheith ag cur isteach orthu.

Tá pobail ann agus ní fhaigheann siad ach poist gan mórán pá. Ní bhíonn go leor airgid acu páistí a chur ar scoil agus ní fhaigheann na páistí ach poist gan mórán pá ina dhiaidh.

Daoine gan dídean

Nó má tá tú i do chónaí i dtír nach bhfuil seirbhís sláinte shaor aici, mura bhfuil go leor airgid agat, ní bheidh tú ábalta dul chuig an dochtúir. Agus má bhíonn tú tinn, ní bheidh airgead ag teacht isteach nó ní bheidh tú ábalta dul a obair. Ní bhíonn an saol furasta má bhíonn tú bocht.

Bíonn oideachas de dhíth in éadan an bhochtanais

Tá feachtas ar siúl ar fud an Domhain le deireadh a chur leis an bhochtanas, An Lá Idirnáisiúnta le Deireadh a chur leis an Bhochtanas, an lá inniu, 17ú Deireadh Fómhair. Spreagann sé daoine le hamharc ar an fhadhb agus le teacht ar réiteach. Is fadhb idirnáisiúnta é chomh maith nó tá tíortha bochta ann agus níl go leor airgid acu le hiad féin a fhorbairt le seirbhísí a chur ar fáil do gach duine. Chomh maith leis sin, más tír bhocht atá ann, bíonn brú orthu rudaí a dhíol le tíortha eile, tíortha cosúil leis an tír seo, ar phraghas níos ísle.

Cad é is féidir linn a dhéanamh mar chuid den lá seo? An chéad rud ná na ceisteanna seo a phlé eadrainn féin. Cad iad na fadhbanna is mó agus cén dóigh ar féidir teacht ar réiteach? Thiocfadh leat scríobh chuig na heagraíochtaí a phléann le bochtanas nó fiú chuig na polaiteoirí agus ceist a chur orthu cad é atá siad a dhéanamh.


Le plé:

Má bhíonn a lán rudaí ag daoine saibhre, an gciallaíonn sin go mbeidh a lán daoine bocht? An rud maith é daoine saibhre a fheiceáil le daoine a spreagadh le bheith ag obair níos crua?


Deirtear go bhfuil níos mó airgid ag an 81 duine is saibhre ar domhan ná an leathchuid de dhaonra an domhain, curtha le chéile! Cad é do bharúil faoi seo? 


Tá an oiread sin airgid ag na daoine is saibhre ar domhan, nach mbeadh siad ábalta é uilig a chaitheamh go deo – cá mhéad airgid a bheadh de dhíth ortsa, i do bharúil, le bheith saibhir?  


Le déanamh:

Scríobh litir chuig an rialtas maidir le bochtanas in Éirinn agus thar lear. Cad é a déarfá leis le cuidiú le fadhb an bhochtanais.


Cum haischlib i nGaeilge don Lá Idirnáisiúnta agus cuir é isteach chugainn.


Pictiúir

Banc bia: HASPhotos / Shutterstock.com

Pubaill: mikeledray / Shutterstock.com

Oideachas: David Huamani Bedoya / Shutterstock.com

Elon Musk: Frederic Legrand - COMEO / Shutterstock.com


meas