Seachtain na Matamaitice, 2023

 

An 12ú Deireadh Fómhair, 2023


Inniu an Aoine, an 13ú lá – lá a bhfuil mí-ádh ag baint leis!

Bhuel – daoibhse a bhfuil dúil agaibh sa mhata, mí-ádh, nó ní thosaíonn Seachtain na Matamaitice go dtí an Luan; daoibhse nach maith libh an mhata, mí-ádh fosta – baineann an t-alt seo le Seachtain na Matamaitice!

An mbeidh an t-ádh ortsa leis an mhata inniu?

Más mian libh níos mó a léamh faoin Aoine, an 13ú lá, agus na pisreoga a bhaineann léi, léigh an t-alt seo: An Aoine, an 13ú lá.

Is imeacht bliantúil náisiúnta í Seachtain na Matamaitice atá dírithe ar scoileanna fud fad na tíre. Go dtí seo, tá chóir a bheith 400,000 dalta as gach uile chontae in Éirinn cláraithe le haghaidh Sheachtain na Matamaitice. Go fiú mura bhfuil do scoil féin cláraithe, gach seans go mbeidh do mhúinteoir ag díriú níos mó airde ná mar is gnách ar ghníomhaíochtaí spraíúla mata i gcaitheamh na seachtaine.

An bhfuil an scoil s’agatsa cláraithe*?


An aidhm atá le Seachtain na Matamaitice, ná aird daoine a dhíriú ar an mhatamaitic agus a thábhachtaí atá sé do chuid scileanna matamaitice a úsáid, i ngach gné den saol.

Ní rud í an mhata a dhéanann tú ar scoil amháin – is scil iontach úsáideach don saol í an mhata!


Úsáidimid ár gcuid mata agus muid ag siopadóireacht


Má bhíonn tú amuigh ag siopadóireacht, do chuid scileanna matamaitice a úsáid le praghsanna a chur le chéile ó mheabhair, go fiú go garbh, lena chinntiú go mbeidh go leor airgid agat. Má tá tairiscintí speisialta ann sa siopa, cuidíonn an mhata linn a oibriú amach cé acu is fíor-thairiscint speisialta atá ann, nó, atá an siopa ag iarraidh dallamullóg a chur ort!

Cad é do bharúil? Margadh maith?


Cuidíonn an mhata linn ár gcuid airgid a bhuiséadú, le gur féidir linn airgead a chur ar leataobh do na rudaí is tábhachtaí sa saol agus cuidíonn sí linn na margaí is fearr a fháil má bhímid ag ceannach rudaí nó seirbhísí – fón póca nua, nó leictreachas nó leathanbhanda go fiú, don teach.

An bhfuil go leor airgid agat do na bróga sin? (Go háirithe má tá lacáiste 50% ann!)


Cuidíonn an mhata linn i gcuid mhór réimsí eile den saol fosta – má tá tú ag iarraidh a oibriú amach cá fhad a ghlacfaidh sé ort dul tigh do mhamó, mar shampla, nó má tú ag cruthú rud as adhmad, nó ag iarraidh milseáin a roinnt go cothrom ar do chairde.

Cuidíonn scileanna mata linn a lán rudaí difriúla a dhéanamh!


In amanna, éiríonn daoine míshásta agus míshuaimhneach faoin mhata, go háirithe nuair a bhíonn rudaí deacra le déanamh. Go fiú na matamaiticeoirí is fearr ar domhan – tagann frustrachas orthu ó am go chéile. An leid is fearr atá againn duit, má thagann frustrachas ortsa, ná seo…bain triail eile as! Ná héirigh as! Is fiú go mór an scil mhata sin a fhoghlaim agus í a bheith agat agus beidh do mhúinteoir ábalta cuidiú leat an fáth a bhfuil gach scil mhata tábhachtach a thuiscint.

Ná lig don mhata tú a scanrú! Tá an múinteoir ann le cuidiú leat. An dtig leat na rudaí uilig a chuntas ar phóstaer na Samhna?


Le déanamh


Mar rang, an féidir libh liosta a dhéanamh de na dóigheanna uilig a gcuidíonn scileanna mata linn?


Go fiú sa spórt, bíonn an mhata tábhachtach nó bíonn uimhreacha difriúla ag baint le spóirt dhifriúla agus suimeanna difriúla le déanamh. Bhí alt againn inné faoin chluiche rugbaí idir Éire agus an Nua-Shéalainn.

Déan iarracht a oiread fíricí mata agus is féidir a fháil faoi:


🏉 Comórtas Chorn an Domhain sa rugbaí (Cá mhéad foireann? Cá fhad a mhairfidh sé? Cá mhéad duine a bheidh ag na cluichí? srl.)

🏉 An cluiche rugbaí féin – fad a mhaireann sé, méid imreoirí, dóigh a n-oibríonn córas na bpointí.

🏉 Cuid de na tíortha atá páirteach sa chomórtas – méid daoine a chónaíonn sa tír, amchrios ina bhfuil an tír.

 

An féidir libh fíricí mata a chumadh do spórt eile?

 

Coinnígí súil ar Chlár na bhFógraí ar an tseachtain seo chugainn nó beidh puzal nua mata againn daoibh gach lá le linn Sheachtain na Matamaitice.

 

*A mhúinteoirí, tá leideanna agus áiseanna le híoslódáil, ar an téad chéanna leis an mhéid thuas, ach iad i mBéarla den chuid is mó, le híoslódáil ó shuíomh gréasáin Sheachtain na Matamaitice. Tá roinnt áiseanna Gaeilge acu anseo.

meas