Fáilte roimh an mhac tíre!

An 10ú Deireadh Fómhair, 2023

An raibh a fhios agat go raibh mic tíre go forleathan in Éirinn 300 bliain ó shin? Ach níor thaitin sé le feirmeoirí gur ith na mic tíre caoirigh agus thug an rialtas airgead do dhaoine as na mic tíre a mharú. Fuair an mac tíre deireanach bás sa bhliain 1786 i gCeatharlach.

Tá Ceatharlach in oirdheisceart na tíre.

Agus tá daoine anois ag iarraidh mic tíre a thabhairt ar ais go hÉirinn. Tá mic tíre ar fáil i zúnna, ar ndóigh, ach níl siad ar fáil go fiáin sa timpeallacht. Ba mhaith leis na daoine sin an mac tíre a ligean amach i gceantair theoranta agus súil mhaith a choinneáil orthu. Ach cad chuige a mbeadh daoine ag iarraidh a leithéide?

Creid é nó ná creid ach tá fadhb againn in Éirinn leis na fianna. Go bunúsach, tá barraíocht acu ann agus is minic a dhéanann siad dochar don timpeallacht. Mura bhfuil creachadóir ar bith ann le hiad a ithe, bíonn fonn orthu fanacht san aon áit amháin agus itheann siad barraíocht den fhéar agus de na plandaí. Sa nádúr, má bhíonn creachadóir ag na fianna, bíonn fonn níos mó orthu bogadh ó áit go háit leis an mhac tíre a sheachaint. Bíonn sin maith don timpeallacht.

Bíonn mic tíre ag seilg i bpacaí.

Ach tá buntáiste ann do na fianna chomh maith. Bíonn an mac tíre ag seilg i bpaca agus díríonn an paca ar na hainmhithe nach mbíonn ábalta éalú. Cuid mhaith den am, is fianna iad seo a mbíonn galar orthu. Má dhíríonn an mac tíre ar na fianna sin, ní bheidh an deis chéanna ag na galair scaipeadh agus bíonn na fianna a bhíonn fágtha níos folláine.

Agus deir na daoine atá ag iarraidh an mac tíre a thabhairt ar ais go mbeidh na bóithre níos sábháilte. Cionn is go bhfuil an oiread fianna ann anois, bíonn siad amuigh ar na bóithre níos minice agus bíonn níos mó taismí bóthair ann. Ach dá mbeadh an mac tíre ar ais, bheadh eagla ar na fianna bheith le feiceáil ar an bhóthar agus bheadh níos lú taismí bóthair ann.


Le plé:

An aontaíonn tú leis an mhac tíre a thabhairt ar ais? Nó an mbeadh sé ró-chontúirteach? Cad é a déarfá le feirmeoirí a bheadh buartha faoina gcuid caorach?


An dtig leat achoimre a dhéanamh ar na hargóintí atá luaite san alt ar son an mac tíre a scaoileadh amach san fhiántas arís? Anois déan liosta de na hargóintí in éadan an mac tíre a thabhairt ar ais?


Smaoinigh faoin chineál carachtair atá ag an mhac tíre i scéalta mar ‘Na Trí Mhuc Bheaga’ agus ‘Cochaillín Dearg’. An carachtar deas nó carachtar gránna atá acu? An bhfuil seo cothrom ar na mic tíre? Cén dóigh a dtiocfadh leat íomhá an mhic tíre a dhéanamh níos fearr.



meas