Lá Domhanda an Mhíle Órga

(Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar an 27ú Márta, 2023)

An duine aclaí thú? An mbíonn tú amuigh ag rith nó ag snámh sa linn snámha? Tá sé iontach tábhachtach go ndéanann gach duine gníomhaíocht fhisiceach de chineál éigin. Cuidíonn sí le do chroí agus tógann sí matáin agus cnámha láidre. Is cosaint iontach maith í ar ghalair cosúil le galar croí agus diaibéiteas. Ar a bharr sin, cuireann gníomhaíocht fhisiceach spion maith ort agus is dóigh mhaith í le himní a mhaolú.


Cuidíonn an ghníomhaíocht fhisiceach le himní a mhaolú


Ach ní gá duit bheith i do Serena Williams nó Mo Farah le bheith aclaí. Thig leat páirt a ghlacadh sa scéim ‘An Míle Órga’ gan mórán trioblóide. An rud atá i gceist ná go dtaistealaíonn gach duine míle gach lá. Le cuidiú ó do mhúinteoir, thig leat traic a mharcáil amach thart ar an chlós scoile nó ar chosán. Seans go mbeidh ort dul siar air cúpla uair le míle a dhéanamh.

Serena Williams

Lev Radin / Shutterstock.com


Ná déan dearmad NACH rás atá ann agus thig le gach duine an cúrsa a dhéanamh ag a ráta féin – ag rith go gasta, ag bogshodar nó fiú ag siúl. Ní gá éadaí speisialta a chaitheamh – is féidir é a dhéanamh i d’éide scoile. Is é an rud is tábhachtaí ná go ndéanann gach duine 15 bhomaite de ghníomhaíocht fhisiceach. Deir eolaithe go mbíonn tionchar maith fiú ag 15 bhomaite de ghníomhaíocht fhisiceach mar seo gach lá.

Bain sult as!


Ceann de na rudaí is tábhachtaí ná go mbaineann daoine sult as. Mar sin, is seans do dhaoine bheith ag caint agus ag gáire. Má bhíonn lá speisialta ann, mar shampla, thart ar an Nollaig, thiocfadh le daoine gléasadh le geansaithe Nollag nó hataí páipéir.

Ná déan dearmad – rás é!


Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go ndéanann daoine óga 45 bomaite de ghníomhaíocht fhisiceach gach lá. Má dhéanann tú an míle órga gach lá, sin trian den mhéid sin! Moltar chomh maith go ndéanann daoine an ghníomhaíocht fhisiceach mar chuid den ghnáthlá agus go ndéanann siad é go rialta.

Tá go leor dóigheanna le gníomhaíocht fhisiceach a dhéanamh


Le déanamh

Cá mhéad gníomhaíocht fhisiceach a dhéanann tú go rialta gach seachtain? Déan amach dialann de gach rud a dhéanann tú. Cuir san áireamh, siúl, snámh, glanadh suas sa bhaile, imirt peile ar an tsráid srl. Má bhíonn tú i gcathaoir rothaí, cuir san áireamh an méid ama a chaitheann tú ag bogadh ó áit go háit.

Tá a lán cineálacha gníomhaíocht fhisiceach ann do gach duine.

Ní bhíonn fonn ar gach duine gníomhaíocht fhisiceach a dhéanamh. Dear póstaer ag moladh do dhaoine na buntáistí a bhaineann leis an ghníomhaíocht fhisiceach. Má tá tú sásta le d’iarracht, iarr ar do mhúinteoir é a chur chuig NuachtAnois (nuacht@leighanois.com).


meas