Sosanna Spleodracha

An 28ú Meán Fómhair, 2023


An raibh a fhios agaibh gurb é an lá inniu Lá Domhanda an Chroí? Is lá é seo atá curtha ar leataobh ag Foras Croí an Domhain le daoine a spreagadh le haire níos fearr a thabhairt dá gcroí. Ciallaíonn sé sin, daoine a spreagadh le bia sláintiúil a ithe agus neart aclaíochta a dhéanamh gach lá!

Tá an croí iontach tábhachtach – tugaimis aire dó!

 

In amanna, ní smaoiníonn daoine óga ar an chroí. Glacann an chuid is mó de na daoine óga leis gurb iad na daoine fásta agus na seandaoine amháin a mbíonn fadhbanna acu lena gcroí. Tá sé tábhachtach, áfach, go dtógaimid nósanna sláintiúla agus muid óg agus go leanaimid de na dea-nósanna sin ar feadh an tsaoil. Ar an dóigh sin, is mó seans go mbeidh croí sláintiúil againn tráth níos faide anonn sa saol.

Má bhíonn nósanna sláintiúla agat ar feadh do shaoil, beidh tú ag cabhrú le do chroí!

 

Is pumpa é an croí – pumpálann sé fuil thart ar an chorp

Pic le DrJanaOfficial/WikimediaCommons CC BY-SA 4.0

 

❤️ Is orgán tábhachtach i do chorp é an croí.

❤️ Pumpálann sé fuil thart ar an chorp – tríd na fuileadáinTá chóir a bheith 100,000 ciliméadar d’fhuileadáin i gcorp duine fásta!


Tá na mílte mílte ciliméadar d’fhuileadáin agat i do chorp!

 

❤️ Pumpálann an croí thart ar 7,600 lítear d’fhuil gach lá!

❤️ Buaileann croí páiste níos gasta ná croí duine fásta. Buaileann croí duine fásta idir 60 agus 100 uair gach nóiméad – sin thart ar 100,000 uair sa lá!

❤️ Bíonn croí duine fásta thart ar an mhéid chéanna lena dhorn.


Pic le Josiño/Wikimedia Commons

 

❤️ Tugaimid artairí ar na fuileadáin a théann amach as an chroí. Iompraíonn an fhuil a théann tríd na hartairí ocsaigin chuig gach cuid den chorp.

❤️ Tugaimid féitheacha ar na fuileadáin a théann isteach sa chroí. Glacann na féitheacha an fhuil atá lán dé-ocsaíd charbóin ar shiúl ó na codanna eile den chorp. Cuireann an croí an fhuil lán dé-ocsaíd charbóin ar ais chuig na scamhóga. Faigheann na scamhóga réitithe den dé-ocsaíd charbóin agus tógann siad ocsaigin nua isteach!


 

 

Tá sé iontach tábhachtach do dhaoine óga aclaíocht rialta a dhéanamh

 

Tuigeann Foras Croí na hÉireann cé chomh tábhachtach is atá sé do dhaoine óga aclaíocht rialta a dhéanamh. Tá scéim acu a chuidíonn le scoileanna na páistí a dhéanamh aclaí sa rang nó sa chlós gach lá. Leis an scéim seo, is féidir leat aclaíocht a dhéanamh agus spraoi a bheith agat san am céanna!

Sosanna spleodracha – smaointe le cuidiú linn fanacht aclaí le linn an lae scoile. Labhair le do mhúinteoir faoi!

 

Rud eile atá maith faoin scéim seo, go háirithe do na scoileanna nach Gaelscoileanna ná scoileanna Gaeltachta iad, ná go bhfuil siad ag iarraidh cuidiú le páistí Gaeilge a fhoghlaim agus aclaíocht a dhéanamh san am céanna! Tá siad i ndiaidh teacht le chéile le scéim Ghaeilge darb ainm Gaelbhratach, le leagan Gaeilge den scéim Bizzy Breaks a chur ar fáil – Sosanna Spleodracha!

Is féidir le do mhúinteoir áiseanna iontacha (cosúil leis an rothlóir idirghníomhach seo) a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Fhoras Croí na hÉireann le cuidiú leis nó léi sosanna spleodracha a thabhairt do do rang gach lá!

 

Caithfidh sé go bhfuil a fhios acu go bhfuil an Ghaeilge maith don chroí!

‘Chuirfeadh an Ghaeilge ola ar do chroí!’

 

Le plé agus le déanamh

 

❤️ Mar rang, an féidir libh smaoineamh ar bhealaí eile le páistí a choinneáil aclaí agus spraoi a bheith acu san am céanna?

 

❤️ Déan do ráta cuisle a thomhas roimh agus i ndiaidh aclaíochta - cad é a thugann tú faoi deara? Cad chuige a dtarlaíonn seo?

 

❤️ An síleann tú go bhfuil sé maith go bhfuil Sosanna Spleodracha ar fáil, as Gaeilge, sna scoileanna Béarla? Cén fáth? An bhfuil smaointe eile agaibh le níos mó Gaeilge a spreagadh sna scoileanna Béarla?

 

❤️ ‘Chuirfeadh sé ola ar do chroí’ – faigh amach cad is ciall leis an fhrása sin. An dtig libh frásaí deasa eile ina bhfuil an focal croí a aimsiú, nó bealaí eile ina dtig linn an focal croí a úsáid?

 

Don Mhúinteoir

Más mian leatsa Sosanna Spleodracha a thabhairt do do rangsa – fiosraigh suíomh gréasáin Fhoras Croí na hÉireann.


meas