Ag caint leis na cearca!

An 28ú Meán Fómhair, 2023


Tá daoine i ndiaidh bealach a aimsiú le caint sicíní a aistriú go caint na ndaoine. Nó sin an rud a deir eolaithe sa tSeapáin, cibé! Ní hé gur aistriúchán focal ar fhocal atá ann, nó aistriúchán ‘goc ar ghoc’, b’fhearr a rá, ach deir na heolaithe go bhfuil siad ábalta go leor céille a bhaint as gocarsach na sicíní le leid mhaith a thabhairt dúinn faoi na cineálacha mothúchán atá ar na héin.

Sa Ghaeilge, déanann sicíní gocarsach agus deir siad “Goc, goc, goc!


Úsáideann na heolaithe intleacht shaorga leis an obair seo a dhéanamh. Tá an inleacht shaorga i ndiaidh éirí iontach coitianta le roinnt blianta anuas. Seo cineál ríomhchláir a bhíonn ábalta cuid mhór fíricí agus patrún difriúil a chur le chéile le cuidiú leis an ríomhaire rudaí a fhoghlaim agus, ar bhealach, smaoineamh dó féin. Tá ríomhairí ann anois atá ábalta comhrá a dhéanamh leat mar a bheadh fíordhuine ann. Tá ríomhairí ann atá ábalta na patrúin a aimsiú i bpictiúir go fiú, agus pictiúir nó ealaín nua dá gcuid féin a chruthú!

Intleacht shaorga – nuair a bhíonn an ríomhaire ábalta rudaí a fhoghlaim agus an fhoghlaim sin a úsáid le cuidiú le daoine


An ríomhaire a d’úsáid na heolaithe seo, rinne sé anailís ar iompar agus ar fhuaimeanna na sicíní agus chuir sé na patrúin go léir a thug sé faoi deara le chéile. Faoi dheireadh, bhí sé ábalta éisteacht le gocarsach gach sicín agus buille faoi thuairim a thabhairt ar a chuid mothúchán. Mar shampla, an raibh ocras air, nó eagla, nó fearg? An raibh sé sásta, an raibh sé tógtha faoi rud nó iontach buartha faoi rud?

Chuidigh an ríomhaire leis na heolaithe mothúcháin na sicíní a oibriú amach


Rinne na heolaithe an córas s’acu a thástáil le 80 sicín difriúil. Thug siad cuireadh do ghrúpa d’ochtar tréidlianna agus síceolaithe ainmhithe teacht isteach agus torthaí an ríomhaire a sheiceáil. D’aontaigh na saineolaithe ainmhithe seo leis an ríomhaire chóir a bheith gach uair! Chuir sé iontas ar na heolaithe féin cé chomh maith is a bhí an ríomhaire s’acu ag tomhas mhothúcháin na sicíní.

B’fhéidir go mbeadh eolaithe ábalta ríomhaire mar seo a úsáid leis an saol a dhéanamh níos fearr d’ainmhithe


Deir na heolaithe seo go bhfuil níos mó oibre le déanamh acu agus gur mhaith leo a gcuid torthaí a roinnt le heolaithe eile, lena mbarúil féin a fháil. Ach, faoi láthair, tá siad iontach sásta leis na torthaí. Má bhíonn ríomhairí ábalta cuidiú linn mothúcháin na n-ainmhithe a thuiscint níos fearr, beidh feirmeoirí agus úinéirí ainmhithe ábalta aire i bhfad níos fearr a thabhairt dóibh!

Ar an drochuair – ní dhéanann na hainmhithe ‘caint’ mar a dhéanaimidne!


Le plé

Tá cuid mhór daoine buartha faoin intleacht shaorga. Síleann siad go bhfuil baol ann go nglacfaidh ríomhairí áit, agus obair, na ndaoine. An dtig leat smaoineamh ar phoist ar bith a mbeadh ríomhairí ábalta iad a dhéanamh níos fearr ná daoine? An dtig leat smaoineamh ar aon phoist nach mbeadh ríomhairí ná róbait ábalta iad a dhéanamh?


An síleann tú go mbeadh ríomhaire ábalta do rangsa a theagasc? Mínigh do fhreagra.


Agus tú ag obair le cara – déan ‘Comhrá na gCearc’ a chumadh. Cad é a bheadh na sicíní ag rá lena chéile? Thiocfadh libh bhur ndráma féin a chumadh!


meas