Laoch i measc na nGael

An 20ú Meán Fómhair, 2023


Thit scamall an bhróin ar Éirinn Dé Máirt, an 19ú Meán Fómhair, nuair a fuair duine de na Gaeil is clúití sa tír bás. Ba láithreoir raidió agus teilifíse é Rónán Mac Aodha Bhuí as Gaoth Dobhair. Fuair sé bás in aois a 53 bliain, i ndiaidh dó bheith tinn le roinnt blianta.

Gach seans go bhfuil léitheoirí NuachtAnois ró-óg le haithne a bheith acu ar Rónán ach bhí clú agus cáil air fud fad na tíre, as an stíl spreagúil shuimiúil chairdiúil chineálta a bhí aige, ní hamháin ar an raidió agus ar an teilifís, ach sa ghnáthshaol fosta.

Bhí sé clúiteach fosta mar gheall ar an obair mhór a rinne sé ar son na Gaeilge agus ar son cearta teanga fud fad na tíre. Spreag sé na mílte mílte duine leis an mhana s’aige, ‘dorn san aer do na Gaeil’.

Agus é ag caint ar bhás Rónáin, dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, “I mbeagán focal, ba laoch i measc na nGael é Rónán Mac Aodha Bhuí’.

Gabhann NuachtAnois comhbhrón lena mhuintir agus a chairde ar fad.



meas