Deireadh Seachtaine na hOidhreachta

An 8ú Meán Fómhair, 2023


Caisleán Dún Libhse i gCo. Aontroma


An deireadh seachtaine beag seo (an 9ú agus an 10ú lá Meán Fómhair), beidh imeachtaí ar leith ag tarlú thart faoi thuaisceart Éireann i gcuid mhór suíomhanna oidhreachta. An rud atá i gceist le “suíomh oidhreachta” ná áit, nó caisleán, nó seanteach a bhfuil tábhacht leis sa stair. B’fhéidir gur chónaigh duine mór le rá san áit sin na blianta fada ó shin, nó, b’fhéidir gur tharla cath mór ansin fadó. 

Eamhain Mhacha, áit a raibh Ridirí na Craoibhe Rua ina gcónaí fadó


Baineann “oidhreacht” lenár ndúchas. Is é sin le rá, go mbaineann sí leis na rudaí agus leis an stair a thagann anuas chugainn ónár sinsir. D’fhág ár muintir iarsmaí dá saol ina ndiaidh. Úsáideann staraithe na hiarsmaí seo (mar shampla, seanuirlisí cócaireachta, nó troda, a fuarthas faoin talamh, nó seanteach mór a bhain le duine saibhir) lena oibriú amach cad é mar a bhí an saol ag daoine fadó. 

An teach mór ar Mhullach na Seangán, Co. Fhear Manach

 

Is minic, le linn Sheachtain na hOidhreachta, go mbíonn cead isteach saor in aisce ann don phobal, le hamharc thart ar na seantithe agus na sean-áiteanna seo. In amanna, bíonn treoraithe gléasta suas in éadaí stairiúla agus míníonn siad don phobal cad é mar a bhí an saol san áit sin fadó. 

Duine gléasta mar fhear in Arm na Breataine san 18ú haois

Daoine gléasta mar ridirí Normannacha agus iad ag troid


Cuireadh tús leis an cheiliúradh de Sheachtain na hOidhreachta thiar in 1991. Tarlaíonn sé sna tíortha ar fud na hEorpa. Bíonn sé ann i rith Mheán Fómhair sa chuid is mó de na tíortha, ach i ndeisceart na tíre seo tarlaíonn sé i mí Lúnasa. 

Déantar ceiliúradh ar an oidhreacht stairiúil ar fud na hEorpa thart faoin am seo den bhliain


Má tá suim agat sa stair, smaoinigh ar chuairt a thabhairt ar sheanteach mór i do cheantar an deireadh seachtaine seo. Uaireanta, le linn Sheachtain na hOidhreachta, osclaítear áiteanna nach mbíonn cead isteach ag an phobal iontu, de ghnáth. Is fiú a fhiosrú an mbeidh áit ar bith mar sin i do cheantar féin ar oscailt an deireadh seachtaine beag seo - seantúr, b’fhéidir, nó teach solais? Thiocfadh leat blaiseadh beag a fháil ar an saol mar a bhí sé fadó. 

An teach solais i bhFánaid, Co. Dhún na nGall 


Le plé nó le déanamh

Ar thug tú riamh cuairt ar áit ar bith cosúil leis na háiteanna atá luaite sna pictiúir san alt seo? Cén áit a bhí ann? Ar thaitin sé leat? Cad chuige?

An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach ligean don phobal amharc thart ar sheanfhoirgnimh? Cad chuige? 

Bíonn sé costasach cúram a dhéanamh de sheanfhoirgnimh - an síleann tú gur fiú airgead mór a chaitheamh ar na sean-áiteanna sin? Nó, arbh fhearr áiseanna nua a oscailt sa cheantar? Cad iad na háiseanna is mó a ba mhaith leat a fheiceáil i do cheantar féin?

Má thugann tú cuairt ar shuíomh oidhreachta an deireadh seachtaine seo, glac grianghraif agus scríobh tuairisc ar do chuairt. D’fhéadfá do thuairisc a chur i láthair don rang.


meas