Fáilte go 'Nuacht Anois'!

An 1ú Meán Fómhair, 2023

fearadh na fáilte romhaibh chuig ár seirbhís úrnua, ‘Nuacht Anois’. Ar an leathanach seo, tá sé de rún againn ailt nuachta agus eolas eile a chur ar fáil daoibh gach lá le linn na scoilbhliana. Táimid ar bís le scéalta suimiúla spraíúla a chur in bhur láthair ar mheascán mearaí de thopaicí. Feicfidh sibh cheana féin go bhfuil réimse d’ailt ar fáil lena léamh ar an leathanach seo. Beimid ag cur leis an rogha sin de réir a chéile.


Chomh maith leis na mórscéalta nuachta a bheidh ag titim amach ar fud an domhain, beidh ailt againn daoibh faoi imeachtaí móra níos cóngaraí don bhaile agus laethanta tábhachtacha fosta. Ó Chorn Domhanda an Rugbaí go Comórtas Náisiúnta na Treabhdóireachta agus ó Lá Domhanda na nAinmhithe go dtí an Chomhdháil Náisiúnta ar Leabhair na bPáistí… beidh go leor ábhar léitheoireachta againn daoibh le bhur spéis a mhúscailt (agus níl iontu sin ach cúpla smaoineamh idir seo agus Oíche Shamhna! Beidh oraibh súil a choinneáil ar an leathanach seo go rialta lena fháil amach faoi na scéalta spéisiúla eile a bheidh againn daoibh an chuid eile den bhliain!)

(comórtas treabhdóireachta faoi lán seoil. Pic le AC Rider/Shutterstock.com)




(fear óg ag tabhairt tacaíochta d'fhoireann Rugbaí na hÉireann i bPáras. Pic le Paolo Bona/Shutterstock)

Tá súil againn go mbeidh na hailt seo mar ábhar pléite (nó fiú argóinte!) agaibh in bhur ranganna. D’fhéadfadh sibh pictiúir a tharraingt faoi ábhar ailt, nó athinsint a scríobh air (nó a thabhairt ó bhéal), nó, ceisteanna a chumadh faoi le cur ar dhuine eile (lena fheiceáil ar léigh siad go cruinn é). Smaoinígí faoi na cineálacha ábhar ar maith libh féin a bheith ag léamh fúthu ar líne. D’fhéadfadh sibh liosta a chur le chéile mar rang de na cúig ábhar is mó suim agaibh. Coinnígí an liosta sin ar feadh míosa nó dhó agus bígí ag féachaint go rialta ar NuachtAnois. Cuirigí tic le teideal ar do liosta nuair a bhíonn alt againn faoin téama sin. Faoi Oíche Shamhna, má bhíonn ábhar ar bhur liosta suime nár scríobh muid faoi go fóill, seolaigí ríomhphost chugainn lena insint dúinn cad é an téama atá ann. Agus feicfidh muid an féidir linn scéal faoin topaic sin a chlúdach ina dhiaidh sin.

(Cad iad na hábhair a bheidh ar do liosta?)

Le plé nó le déanamh
Anois agus an t-alt seo léite agat, an féidir leat cuimhne a dhéanamh ar na príomhphointí atá luaite ann? Cad iad?

Pléigh le do rang na hábhair suime is mó atá agaibh nuair a bhíonn sibh ag léamh ar líne. Léirigh na torthaí mar ghraf. Cad é an téama is mó suim agaibh? Cad é an topaic a gcuireann an méid is lú daoine suim inti?

Ar fhoghlaim tú focal ar bith nua ón alt seo inniu? Cén focal / frása a bhí ann? An féidir leat pictiúr a tharraingt lena mhíniú? An féidir leat an focal/ frása nua sin a úsáid in abairt eile de do chuid féin anois?


meas