Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

(pic le OLEG525/Shutterstock.com)
An maith leat brioscaí? Cad é an cineál briosca is fearr leat? Brioscaí seacláide? Brioscaí a bhfuil subh mhilis orthu (nó iontu)? Nó, an fearr leat briosca atá níos pléineáilte, cosúil leis na brioscaí sinséir? An ndearna tú brioscaí a bhácáil riamh thú féin?
(pic le IC Production/Shutterstock.com)
An raibh a fhios agat nach ionann an focal “briosca” i Meiriceá agus an briosca a bhíonn againn ar an taobh seo den aigéan Atlantach? Cuirim i gcás, i S.A.M., is ionann "briosca" agus cineál de scóna pléineáilte. (Is minic a itheann Meiriceánaigh na “brioscaí” nó na scónaí sin ag am bricfeasta). Ach, an rud a dtugann muidne “briosca” air, tugann siadsan “cookie” air sin.
(pic le Stephanie Frey/Shutterstock.com)
An raibh a fhios agat NACH briosca é an Jaffa cake?
Ní briosca go hoifigiúil é, is císte beag é. An difear a bhíonn ann idir cístí agus brioscaí ná go dtosaíonn cistí amach go bog ach éiríonn siad tirim agus crua nuair a imíonn siad ó mhaith. Tarlaíonn a mhalairt ar fad do na brioscaí, áfach. Tosaíonn na brioscaí amach go tirim, briosc. Ach, éiríonn siad bog agus tais nuair a imíonn siad ó mhaith.
(pic le NeydtStock/Shutterstock.com)
Tá stair idirnáisiúnta ag na brioscaí. Mar shampla, tagann an focal Béarla “biscuit” ón Fhraincis “bis-cuit” - focal a chiallaíonn go raibh sé bácáilte faoi dhó (rud a rinne cinnte de go mbeadh an briosca tirim agus briosc).
(Briseann briosca go furasta mar go mbíonn sé briosc. Pic le Hekla/Shutterstock.com)
Le plé nó le déanamh
Cad é an cineál briosca is fearr leat agus cad chuige ar maith leat é?
Déan suirbhé ranga lena fháil amach cén sórt briosca is fearr le gach duine. Léirigh na torthaí i bhfoirm graif nó picteagraim.
Déan iarracht brioscaí a bhácáil (le cuidiú ó dhuine fásta). Inis do do rang cad é mar a éiríonn leat agus cén cineál briosca a dhéanann tú.