Nuair a bhíonn an cat amuigh…


Ar chuala tú an seanfhocal riamh, nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag rince? Cad é a shíl tú a bhí i gceist leis? Ar shíl tú riamh gur fíordhamhsa a bheadh ann?


Bhí na heolaithe seo ag obair in Ollscoil Thóiceo. Is é Tóiceo príomhchathair na Seapáine.


Bhuel, tá eolaithe in Ollscoil Thóiceo sa tSeapáin i ndiaidh a fháil amach go bhfuil na luchóga – bhuel, luchóga móra, measartha maith ag damhsa. Bhí na heolaithe ag déanamh staidéar ar na luchóga móra agus ar an dóigh a bhfreagraíonn siad don cheol.

Cheangail na heolaithe braiteoirí de na luchóga móra agus rinne siad staidéar ar an dóigh ar bhog siad nuair a bhí ceol á sheinm

 

Tá go leor ainmhithe ann a dhéanann damhsa de chineál amháin nó de chineál eile. Tá éin, agus go fiú damháin alla ann a dhéanann damhsa le cailín nó le buachaill a fháil.

Déanann an damhán alla seo damhsa le buachaill a fháil (agus ansin, itheann sí é!)

 

Déanann beacha damhsa speisialta lena rá le beacha eile áit a bhfuil na bláthanna is fearr. Tá cineál antalóip ann go fiú a dhéanann damhsa lena thaispeáint do na madaí fiáine a bhíonn ag iarraidh é a ithe go bhfuil sé ró-aclaí agus róghasta dóibh agus nach fiú dóibh rith sa tóir air!

Déanann beacha damhsa lena rá leis na beacha eile áit a bhfuil an neachtar

Déanann gasail Thomson damhsa lena thaispeáint do na creachadóirí cé chomh haclaí agus cé chomh gasta is atá sí!

 

Na hainmhithe seo, áfach, ní bhíonn siad ag damhsa le ceol. Go dtí seo, shíl daoine gur muidne an t-aon ainmhí a raibh an scil seo aige – muid a bheith ábalta ár gcorp a bhogadh in am leis an cheol. Ach anois, tá na heolaithe i ndiaidh a fháil amach go bhfuil rithim ag na luchóga móra fosta!


Chonaic siad go bhfuil na luchóga ábalta coinneáil le rithim an cheoil, go háirithe nuair a bhíonn an ceol á sheinm ar 132 buille sa bhomaite – go díreach mar an gcéanna le daoine!

Mar chuid den staidéar, chuir na heolaithe braiteoirí ar dhaoine fosta agus sheinn siad an ceol céanna dóibh

 

Ní hamháin sin, chonaic na heolaithe gur thaitin ceoltóirí áirithe leis na luchóga thar cheoltóirí eile. Mar shampla, bhí an-dúil acu i gcuid ceoil Lady Gaga! Thaitin ‘Another One Bites the Dust’ le Queen leo agus bhí dúil acu in Mozart fosta. Dá mbeadh an ceol róghasta, nó rómhall, áfach, ní raibh an fonn céanna damhsa ar na francaigh.


Mar sin de, má imíonn an cat s’agat agus má bhíonn luchóga sa teach agat – ná bí ag smaoineamh go mbeidh siad ag déanamh rudaí dalba. Má bhíonn an cat amuigh, gach seans nach mbeidh na luchóga ach ag rince!

Ní dhéanfadh na luchóga rud ar bith dalba sa teach, an ndéanfadh?




Creidiúintí


meas