Cosc ar an cheannbhuille sa sacar


Ní bheidh cead ag imreoirí liathróidí a bhualadh lena gceann an lá roimh agus an lá i ndiaidh cluiche in Albain

 

FA na hAlban ag cur cosc ar cheannbhuillí d’imreoirí gairmiúla sacair, an lá roimh agus an lá i ndiaidh cluichí. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh cead ag na himreoirí an liathróid a bhualadh lena gcloigeann le linn na traenála ar na laethanta seo. Ar a bharr sin, tá an FA ag iarraidh ar chlubanna dul céim níos faide agus gan ceannbhuillí a chleachtadh ar chor ar bith le linn na traenála ach lá amháin sa tseachtain.

Beidh cead ag imreoirí a gceann a úsáid go fóill le linn fíorchluichí

 

Tá siad á dhéanamh seo mar go gcreideann na heolaithe go bhfuil nasc idir an ceannbhuille agus galar inchinne a dtugtar néaltrú air. Is galar é seo a thagann ar dhaoine níos sine, de ghnáth. Cuireann an néaltrú isteach ar chuimhne daoine agus, in amanna, éiríonn go fiú na gnáthrudaí sa saol deacair dóibh. Sna cásanna is measa, ní aithníonn siad cairde, ná daoine muinteartha leo.

In amanna, cuirtear síos don néaltrú gur sórt briseadh sa chumarsáid atá ann idir codanna difriúla den inchinn

 

Rinne na heolaithe staidéar ar ghrúpa d’iar-imreoirí sacair – seo daoine ar ghnách leo an liathróid a bhualadh go rialta leis an chloigeann. Fuair siad amach go dtagann an néaltrú orthu, mar aon le fadhbanna inchinne eile, i bhfad níos minice ná mar a thagann ar ghnáthdhaoine eile, agus go mbíonn na fadhbanna seo acu agus iad níos óige.

Síleann na heolaithe go ndéantar damáiste don inchinn má bhuaileann tú liathróid go rialta le do chloigeann

 

Bhí Albain ar an chéad tír san Eoraip le cosc a chur ar pháistí faoi 12 an liathróid a bhualadh lena gcloigeann. Rinne siad seo in 2020. Ó shin, thug a lán tíortha eile an riail chéanna isteach do pháistí. Anois, tá Albain chun tosaigh arís agus an riail úr á tabhairt isteach acu do dhaoine fásta.

Níl cead ag páistí faoi 12 an liathróid a bhualadh lena gcloigeann in Albain (agus anseo)

 Bíonn dochtúirí buartha faoin chomhtholgadh fosta, má bhuaileann páistí a gcloigeann agus iad ag imirt spóirt.

 

Tá an ceannbhuille ina bhunchuid den chluiche sacair le fada fada an lá, ach spreagann an cinneadh seo ceisteanna eile…

⚽ Cé chomh fada is a bheas sé go dtí go mbeidh cosc iomlán ar an cheannbhuille? 

⚽ An scriosfaidh sé an cluiche mura mbíonn cead ag daoine an liathróid a bhualadh lena gcloigeann? agus; 

⚽ Cé acu is tábhachtaí, cluiche liathróide, nó sláinte daoine?

Chuir NuachtAnois ceist ar imreoir sacair amháin ón Phortaingéil faoin riail nua seo, lena bharúil féin a fháil. Dúirt sé nach gcuirfeadh an riail seo isteach nó amach air – thig leis cúil a scóráil lena cheann gan a ghruaig a scriosadh go fiú!

An peileadóir Portaingéalach ar labhair muid leis 


Le plé / le déanamh


Cad é do bharúil féin? Riail chiallmhar nó an scriosfaidh sé seo cluiche an tsacair?


Tá riail ann anseo anois nach bhfuil cead ag imreoirí sacair faoi 12 ceannbhuillí a dhéanamh. An imríonn tú féin sacar? An gcuireann na cóitseálaithe agus na réiteoirí an riail i bhfeidhm? An gcloíonn tú féin leis an riail?


An bhfuil bealach ar bith a dtiocfadh linn an ceannbhuille a choinneáil ach é a bheith níos sábháilte, dar leat?

Aitheantas


meas