NuachtAnois – Nod don Oide 



Is féidir leas a bhaint as NuachtAnois le haghaidh obair bhaile mar aon le gníomhaíochtaí ranga. 

Molaimid go láidir do mhúinteoirí gach alt a léamh in éineacht leis na daltaí ar dtús sa seomra ranga agus dul tríd an teanga, roimh iad a dhíriú i dtreo alt ar bith sa bhaile. 

Tá go leor téarmaíochta nua ar fáil sna hailt ar NuachtAnois a bhaineann le gnéithe éagsúla den saol comhaimseartha. Bheadh daltaí cleachta lena leithéid de théarmaíocht sa Bhéarla ach ní hamhlaidh atá an scéal sa Ghaeilge.

Dírigh a n-aird ar na focail a bhaineann le cúrsaí nuachta agus ar an stíl teanga a bhaineann le tuairisciú na nuachta, úsáid an tsaorbhriathair, mar shampla. 

Seo thíos roinnt moltaí thíos i dtaca le dóigheanna a bhféadfá féin na gnéithe éagsúla de NuachtAnois a úsáid. Is féidir iad seo a chur in oiriúint do riachtanais do ranga féin: 


I ndiaidh daoibh alt NuachtAnois a léamh: 


🔴 Scríobhann daltaí síos 3 - 5 phríomhphointe ón alt nó ó alt eile atá léite acu. Thig leo na pointí seo a úsáid leis an scéal nuachta a athinsint don rang. Thiocfadh libh plé a dhéanamh, mar rang, ar Cheannteideal nua don alt. 


🔴 Léann na daltaí alt NuachtAnois agus ansin déanann é a athscríobh ina gcuid focal féin. 


🔴 Iarr ar dhaltaí rólghlacadh a dhéanamh, bunaithe ar an alt NuachtAnois. Iarr orthu bheith ag smaoineamh ar bharúlacha, ar dhearcadh daoine difriúla agus ar ghníomhartha daoine difriúla. 


🔴 Ansin, d’fhéadfaí agallamh a chur ar charachtar amháin ón alt agus d’fhéadfadh daoine eile sa rang ceisteanna a chur air nó uirthi faoina ghníomhartha, faoina bharúlacha agus faoina mhothúcháin. Go fiú más alt faoin eolaíocht atá ann, d’fhéadfadh dalta éigin a ligean air nó uirthi gur eolaí é nó í a bhí bainteach leis an scéal. 


🔴 Iarr ar na daltaí staidéar a dhéanamh ar alt Nuacht Anois ina bhfuil plé ar choimhlint de chineál éigin nó ar dhá bharúil chontrártha. Cuir na daltaí i ngrúpaí beaga agus iarr orthu teacht ar mholtaí i dtaca le comhréiteach ar an scéal. Nó iarr orthu díospóireacht a dhéanamh faoin chás agus cuidigh leo lena gcuid argóintí. 


🔴 Iarr orthu alt a léamh ina mbeadh tagairtí do dhuine nach mbeadh mórán eolais acu air nó uirthi. Iarr orthu 3 - 5 cheist a scríobh a thiocfadh leo a chur ar an duine chun níos mó eolais a fháil. Ina mbeirteanna, d’fhéadfadh daltaí rólghlacadh a dhéanamh agus agallamh a chur ar a chéile. 


🔴 Iarr ar dhaltaí litir gearáin nó tacaíochta a dhréachtú agus a scríobh chuig duine as alt NuachtAnois


🔴 Déan alt Nuacht Anois a phriontáil. Iarr ar na daltaí na paragraif éagsúla a aithint. Gearr an t-alt ina 6-8 mír, cuir na míreanna i gclúdach agus déan gníomhaíocht seicheamhaithe leo. D’fhéadfadh daltaí a sheiceáil cé acu atá an ceart acu nó nach bhfuil trí dhul ar ais chuig an bhunalt ar líne. 


🔴 Iarr ar dhaltaí trealamh taifeadta a úsáid chun agallaimh Vox Pop a chur ar chomhghleacaithe ranga maidir lena gcuid barúlacha ar scéal NuachtAnois


🔴 Iarr ar dhaltaí alt nuachta a léamh go cúramach agus achoimre 60 soicind ar na príomhphointí a bhí istigh ann a chur i láthair an ranga.

 

🔴 D’fhéadfadh daltaí ciall gach focail a mbeadh dhath glas air a sheiceáil tríd an luchóg a chur thairis (nó a méar a chur air ar tháibléad). D’fhéadfaidís ansin na focail aibhsithe seo a úsáid le habairtí a chumadh. 


🔴 Cuidigh le daltaí idirdhealú a dhéanamh idir nuacht áitiúil, nuacht náisiúnta agus nuacht idirnáisiúnta. Úsáid léarscáileanna le cuidiú leo na háiteanna atá luaite sna hailt a aimsiú. 


🔴 Labhair leis an rang faoi na poist éagsúla a mbeadh baint acu le halt nuachta – tuairisceoir, agallóir, agallaí, grianghrafadóir, eagarthóir, dearthóir. Cuir na daltaí ina ngrúpaí, tabhair róil éagsúla dóibh agus iarr orthu alt nuachta (nó go fiú nuachtán) dá gcuid féin a chruthú. 


🔴 Iarr ar dhaltaí alt NuachtAnois a léamh os ard (agus a thaifeadadh, más mian leo) mar a bheadh láithreoirí nuachta iontu. 


🔴 Cuidigh le daltaí idirdhealú a dhéanamh idir fíricí agus barúlacha in alt NuachtAnois. Déan plé grúpa air seo agus cuidigh leo a gcuid cinntí a chosaint. 


🔴 Is féidir alt NuachtAnois a úsáid mar bhealach le heolas agus tuiscint daltaí ar struchtúir gramadaí agus ar an phoncaíocht a dhaingniú agus a shíneadh. Iarr orthu an t-alt is úire ar Nuacht Anois a léamh agus liosta a dhéanamh de: 

🟥 na hainmfhocail uilig 

🟥 na haidiachtaí uilig 

🟥 na briathra uilig 

🟥 na dobhriathra uilig 

🟥 na comharthaí cainte, lánstadanna agus comharthaí uaillbhreasa 

🟥 iolraí 

🟥 réimíreanna coitianta 

🟥 aimsirí éagsúla (briathra san aimsir chaite, mar shampla) 


🔴 Cuidigh le daltaí a bhfoclóir féin a leathnú trí phlé a dhéanamh ar na haidiachtaí atá in úsáid sna hailt ar Nuacht Anois. Déan iarracht cuidiú leo teacht ar fhocail eile atá ar comhchiall leis na focail sna hailt. 


🔴 Iarr ar na daltaí a gcuid barúlacha féin ar na hailt Nuacht Anois a nochtadh. D’fhéadfaidís é seo a dhéanamh trí thrácht a scríobh agus a phostáil ar chlár sa seomra ranga. Is féidir nósanna maithe scríbhneoireachta a chothú tríd dhréacht den trácht a iarraidh orthu roimh ré. Spreag iad le fáthanna a chur lena mbarúlacha agus le hanailís bheag a dhéanamh ar ailt. Cuidigh leo leis an litriú agus le réimse foclóra ina gcuid alt / tráchtanna. Bronn suaitheantas molta ‘Tráchtaire na Seachtaine / na Míosa’ ar an dalta a chumann na tráchtanna is fearr. 


🔴 Tá gníomhaíochtaí luaite le cuid mhór d’ailt NuachtAnois. Is féidir na gníomhaíochtaí seo a úsáid le plé nó díospóireacht ranga a spreagadh nó is féidir tascanna scríofa a bhunú orthu ach an scafall teanga cuí a chur ar fáil do dhaltaí. Is féidir na gníomhaíochtaí a chur in oiriúint do riachtanais do chuid daltaí féin.