Cuairt Amailín

An 24ú Bealtaine, 2024


Tháinig cuairteoir speisialta go hÉirinn an mhí seo. Is cailín ‘beag’ 10 mbliana d’aois í Amal, atá 3.6 méadar ar airde! Puipéad atá ann atá ábalta siúl thart, cromadh síos agus fiú luí ar an talamh. Is siombail í de theifeach ón tSiria agus thug sí cuairt ar 16 thír ó rinneadh í in 2021. Amal Bheag an t-ainm atá uirthi agus tugann lucht na Gaeilge ‘Amailín’ uirthi. Ciallaíonn ‘Amal’ ‘dóchas’ san Araibis.

[Pic le Carrie Davenport]

Ar fud an Domhain, bíonn ar dhaoine bogadh amach as a dtír féin le dul chuig tír eile mar gheall ar chogadh nó foréigean. Ní bhíonn an dara rogha ag na daoine seo ach ‘teitheadh’ agus tugtar ‘teifigh’ orthu. Is minic a bhíonn drocham ag na daoine seo. Nuair a bhaineann siad tír nua amach, de ghnáth, ní bhíonn airgead ar bith acu agus bíonn cuidiú de dhíth orthu.

[Pic le Carrie Davenport]

Nuair a thugann Amailín cuairt ar áit, buaileann sí le daoine áitiúla. In ionad drocham a thabhairt di, cuireann daoine fáilte roimpi agus bíonn ceiliúradh agus spraoi ann. Sa dóigh chéanna, ba mhaith leis na daoine atá taobh thiar d’Amailín daoine a chur a smaoineamh faoi theifigh ina gceantar féin. Má bhíonn meas againn ar dhaoine as tíortha eile, thiocfadh linn rudaí a cheiliúradh le chéile leo.

Bíonn saol crua ag na teifigh

Cuid mhór de na teifigh, is páistí iad, cosúil le hAmailín. Go minic, bíonn orthu turas iontach contúirteach a dhéanamh le héalú as an tír ina bhfuil contúirt, le dul chuig tír atá slán.

[Pic le Carrie Davenport]

Chuir Amailín tús lena cuairt ar an tír seo i mBéal Feirste agus, le linn a hama ansin, bhuail sí le lucht na Gaeilge. Chuir Tuatha Dé Danann, an Dagda agus Manannán mac Lir fáilte roimpi. Ina dhiaidh sin, chuaigh sí go Doire, an tIúr agus Dún Dealgan.

Amailín ag caint le daoine i mBéal Feirste [Pic le Carrie Davenport]

Cuirfidh sí críoch lena cuairt ag Abhainn na Life, Baile Átha Cliath, inniu (Dé hAoine, an 24ú Bealtaine). Ag Teach an Chustaim ar 7.30, cluinfidh sí faoin dóigh a raibh ar Éireannaigh imeacht ón tír seo agus dul go Meiriceá, an Bhreatain agus áiteanna eile. Agus ag luí na Gréine, ag Droichead Samuel Beckett, cuirfear Amailín a luí le ceol as Gaeilge.

Droichead Samuel Beckett

Le déanamh:

Tháinig Amailín as an tSiria. Cuardaigh eolas faoin tír sin. Cad iad na difríochtaí is mó idir an tSiria agus Éire? Luaigh 3 rud. Cén dóigh a dtiocfadh leat cuidiú le teifeach óg ón tSiria mothú compordach sa tír seo.


Samhlaigh go raibh ort féin imeacht ó do bhaile mar theifeach. Cad é mar a bheadh do shaol, dar leat? Ní bheifeá ábalta ach cúpla rud a thabhairt leat ó do theach agus tú ag imeacht faoi dheifir - cad é a thabharfá leat agus cad chuige?


Má chuireann tú ‘-ín’ ag deireadh focail, ciallaíonn sé ‘beag’. Mar shampla, ciallaíonn ‘teachín’ ‘teach beag’. Bain triail as -ín a chur le 3 fhocal eile le focail nua a dhéanamh. Thig leat é a dhéanamh le hainmneacha daoine chomh maith. In amanna, ciallaíonn sé an leagan den ainm a bhíonn ag cailín – Gearóidín nó Seáinín, mar shampla. In amanna eile, ciallaíonn sé ‘beag’, nó ‘óg’ nó fiú léiríonn sé gur maith leat an duine go mór. Bain triail as ainmneacha daoine thart ort. Má tá ‘-ín’ ag deireadh ainm duine i do rang, faigh amach cé acu ciall atá leis.


Seo áis phictiurtha a bheadh úsáideach ag múinteoirí, b’fhéidir, agus iad ag plé thopaic na dteifeach.


Thiocfadh téama an ailt seo a cheangal le hobair agus cuspóirí foghlama an aonaid seo ó CCEA


Pictiúir eile:

Amal ar an tsráid: Nowaczyk / Shutterstock.com

Teifeach: Mohammad Bash / Shutterstock.com


baruil