Bí i do Scríobhaí!

An 23ú Bealtaine, 2024


Michael Hoffen – údar agus staraí a bhfuil duaiseanna buaite aige dá chuid oibre sa stair


Tá Michael Hoffen 16 bliana d’aois. Bhí dúil aige riamh anall san Éigipt agus i seanscríbhinní na hÉigipte. Taitníonn sé le Michael na seanscríbhinní a aistriú le go dtig leis féin iad a thuigbheáil níos fearr. Le linn na paindéime, luigh Michael isteach ar an obair seo. Dhírigh sé ar sheanscríbhinn a dtugtar ‘Treoracha Khety’ uirthi.

Is maith le Michael na hiairiglifí sna seanscríbhinní a aistriú. (Ní fhreagraíonn na siombailí de na hiairiglifí go díreach don aibítir s’againne ach sin na fuaimeanna is cóngaraí dóibh.) 


Scríobhadh ‘Treoracha Khety’ 4000 bliain ó shin. Is sórt dáin atá ann atá bunaithe ar chomhrá idir athair (Khety) agus a mhac (Pepi). Tugann Khety treorachacomhairle dá mhac – ‘Bí i do Scríobhaí’. Dar le Khety gurbh é sin an post ab fhearr sa tSean-Éigipt. Is maith an rud gur lean Michael an chomhairle sin fosta, nó tá sé i ndiaidh leabhar nua-aimseartha a dhéanamh den tseanscríbhinn ón Éigipt agus é a chur ar fáil don saol nua-aimseartha!

Leabhar Michael


Ainm eile a bhí ar ‘Threoracha Khety’ ná ‘Aoir na gCeirdeanna’. Is sórt scríbhneoireachta í aoir, a bhíonn ag spochadh as duine nó rud. Baineann ‘Aoir na gCeirdeanna’ leis na jabanna difriúla a bhí ann san Éigipt ag an am sin – iascaire, gabha, bearbóir, siúinéir, trádálaí, tógálaí, seodóir, feirmeoir, garraíodóir, srl. Labhraíonn an t-athair go magúil ar gach ceann de na ceirdeanna sin, lena mhíniú dá mhac an fáth arbh fhearr dó bheith ina Scríobhaí.

Ag barr an leathanaigh seo, tá Khety ag cur síos ar obair an tógálaí agus ag bun an leathanaigh, tugann Michael míniú ar na hiairiglifí agus ar na léaráidí ar an leathanach 


Dr. Jen Thum Dr. Jen Thum
Dr. Christian Casey Dr. Christian Casey

Fuair Michael cuidiú ó bheirt ‘Éigipteolaithe’, an Dr. Christian Casey agus an Dr. Jen Thum, agus é ag aistriú na seanscríbhinne. Díríonn sé isteach ar an mhéid a bhí le rá ag Khety faoi gach ceird agus úsáideann sé léaráidí agus déantáin le léargas a thabhairt dúinn ar an saol a bhí ann sa tSean-Éigipt. Foghlaimímid fosta go raibh ar dhaoine óga 4,000 bliain ó shin bheith ag smaoineamh ar na cinntí deacra céanna a mbíonn orainne plé leo – cad é a dhéanfaidh mé nuair a bheas mé níos sine?

An raibh meas ag athair Pepi ar na garraíodóirí?


Caithfidh muid a admháil nár léigh muid féin an leabhar go fóill, ach dar leis na léirmheastóirí uilig, is leabhar thar a bheith maith é! Thig leat níos mó eolais a fháil ar http://www.beascribe.com.


Le plé agus le déanamh

📜 An raibh aon chaitheamh aimsire agatsa, nó rud ar chuir tú spéis ann, a choinnigh ag dul thú le linn na paindéime? 

🏺 An bhfuil aon tréimhse sa stair in áit faoi leith ar mhaith leatsa níos mó eolais a fháil uirthi? Cad é atá ann agus cén fáth?

📜 Sa leabhar seo, tá an t-athair ag tabhairt comhairle don mhac faoin chineál poist ba cheart dó a dhéanamh. Cén post ba mhaith le do thuismitheoirí duitse, dar leat, agus an é sin an post ba mhaith leatsa?

🏺 Cad é an rud Éigipteolaí, i do bharúil?

📜 Amharc ar liosta na bpost thuas. Cad é a dhéanann gach ceann? Ar mhaith leatsa ceann ar bith de na poist seo a dhéanamh?


Tá an leabhar BE A SCRIBE! Working For A Better Life In Ancient Egypt le Michael Hoffen, an Dr. Christian Casey agus an Dr. Jen Thum, arna fhoilsiú ag Callaway Arts & Entertainment, ar fáil anois! 

baruil