Dia idir sinn agus an Intleacht Shaorga!

An 22ú Bealtaine, 2024


Thosaigh rí-rá agus ruaille buaille ag an deireadh seachtaine mar gheall ar roinnt cluichí Chumann Lúthchleas Gael – ach ní ar pháirc na himeartha! Thosaigh an t-aighneas seo mar gheall ar Chlár Oifigiúil na gcluichí – sin an leabhrán beag a bhíonn ar díol roimh an chluiche, ina bhfaigheann tú eolas ar na foirne a bheidh ag imirt.

Rí-rá agus ruaille buaille mar gheall ar chluiche CLG – ach níor tharla sé ar an pháirc!*


In áit grianghraif de na himreoirí nó de na foirne a bheadh ag imirt a chur ar an chlúdach, d’úsáid CLG pictiúir a chruthaigh an intleacht shaorga. Mar shampla, i gcluiche ceannais faoi 20 na hÉireann, bhí Tír Eoghain ag imirt in éadan Chiarraí. Fuair CLG pictiúr cartúin de bheirt imreoirí óga láidre ag rith síos an pháirc.

Bhí go leor daoine mí-shásta leis an chlúdach seo


Ní hé go raibh aon cheann de na foirne míshásta leis an chuma a bhí orthu sa phictiúr, ach bhí ealaíontóirí na tíre ar buile agus scríobh go leor acu teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta lena gcuid barúlacha a chur in iúl do Chumann Lúthchleas Gael. 


Is é a scríobh duine amháin acu: 

“An bhfuil CLG ag úsáid ealaín IS anois? Tá cuid mhór ealaíontóirí ann in Éirinn a dhéanann léaráidí spóirt. Thiocfadh leo na healaíontóirí sin a úsáid, agus bheith ag tacú leo.
Tá rudaí olc go leor mar atá, ach b’fhéidir go mbeadh orm éirí as an ealaín, más seo an cineál todhchaí a bheas i ndán dom. 😪”


Ní raibh na healaíontóirí sásta leis an chinneadh seo a rinne Cumann Lúthchleas Gael

Pic le Derick P. Hudson/Shutterstock


Arsa ealaíontóir eile:

“Feicimse é seo i bhfad níos minice anois ó ghrúpaí agus eagraíochtaí ar cheart dóibh tuiscint níos fearr a bheith acu ar an scéal. Dá mba rud é gur fíor-ealaíontóir a chruthaigh na pictiúir seo, déarfá leis nó léi iad a ghlacadh ar ais agus iad a dheisiú. Níl ann ach falsacht agus saint.”


An gearán atá acu ná gur roghnaigh CLG rud éigin saor in aisce in áit ealaíontóir a dhíol leis an phictiúr a dhéanamh. Más seo na cineálacha roghanna a dhéanann na heagraíochtaí is mó sa tír, an comhartha é den chineál todhchaí a bheidh ann d’ealaíontóirí? An é nach mbeidh obair ar bith ar chor ar bith ann dóibh?

Má ligimid do ríomhairí ealaín a chruthú dúinn, cad é a dhéanfaidh na healaíontóirí daonna?


Ar an láimh eile, is eagras deonach é Cumann Lúthchleas Gael agus téann gach uile phingin a dhéanann siad ar ais chuig clubanna agus cumainn fud fad na tíre, ar bhealach amháin nó bealach eile. Thiocfadh leo a rá go raibh siad ag iarraidh airgead a shábháil, sin, nó b’fhéidir nár smaoinigh siad ar na healaíontóirí. 

Clúdach cláir ó 2022

Clúdach cláir ón deireadh seachtaine


An cheist atá ann, ar cheart do Chumann Lúthchleas Gael leithscéal a ghabháil, nó ar cheart d’ealaíontóirí post eile a aimsiú?


Le plé agus le déanamh

Mar rang, déanaigí dhá liosta – fáthanna ar cheart ealaín IS a úsáid agus fáthanna nár cheart ealaín IS a úsáid.

An bhfuil trua agat do na healaíontóirí? Cén fáth?

An síleann tú go ndearna CLG rud ar bith mícheart? Mínigh do fhreagra.

Cad é a thiocfadh linn a dhéanamh le post na n-ealaíontóirí a chosaint?

An dtig leat smaoineamh ar phoist eile a bheadh i mbaol ón Intleacht Shaorga?


*Úsáideadh an Intleacht Shaorga leis an phictiúr seo a dhéanamh. Níl an t-airgead ag NuachtAnois le healaíontóirí a fháil. Ar a bharr sin, ní bheadh an t-am againn le bheith ag fanacht leis an ealaíontóir an pictiúr a chruthú agus a chur ar ais chugainn. Íocaimid airgead gach bliain le comhlacht darb ainm Shutterstock. Ligeann siadsan dúinn grianghraif dá gcuid a úsáid inár gcuid alt. Téann cuid den airgead chuig na grianghrafadóirí a thóg na pictiúir. Mura mbímid ábalta an pictiúr ceart a aimsiú, tá intleacht shaorga ag Shutterstock a ligeann dúinn pictiúr a chruthú go gasta, le go mbeidh muid ábalta an t-alt a fhoilsiú in am.

An síleann sibh go bhfuil leithscéal maith againne an intleacht shaorga a úsáid ó am go chéile?


(…agus ní thacaíonn NuachtAnois le troideanna ná le ruaille buaille ar pháirc na himeartha – bímis uilig deas lena chéile!)


Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le GAA Programme Collectors, ar na meáin shóisialta, a thug cead dúinn na clúdaigh chláir san alt seo a úsáid.

baruil