Ainmneacha na Stoirmeacha

An 7ú Meán Fómhair, 2023


Ar thug tú ainm ar rud ar bith nach raibh beo riamh? Bréagán nó rothar, b’fhéidir? Léiríonn seo go bhfuil ceangal speisialta agat leis an rud agus go síleann tú go bhfuil sórt pearsantachta aige. Ach ar smaoinigh tú ar ainm a thabhairt ar stoirm! Sin go díreach an rud a dhéanann na hoifigí aimsire sna hoileáin seo le stoirmeacha gach bliain.


Bailíonn An Oifig Meitéareolaíochta eolas i rith an ama faoi theocht, aerbhrú, an ghaoth agus a lán rudaí eile sa dóigh go dtig leo a rá roimh ré an cineál aimsire atá ag dul a bheith againn. Tugtar réamhfháisnéis na haimsire air seo agus cuidíonn sé lena lán daoine pleanáil a dhéanamh, daoine cosúil le feirmeoirí, lucht taistil agus daoine a chuireann seirbhísí ar fáil. Má tá an aimsir ag dul a bheith fuar, mar shampla, beidh níos mó cumhachta de dhíth agus beidh ar na stáisiúin ginte leictreachais sin a chur san áireamh.

Bailíonn an oifig meitéareolaíochta eolas faoin aimsir.


In amanna, bíonn aimsir chontúirteach ann agus beidh ar dhaoine aire faoi leith a thabhairt. Níor tharla na stoirmeacha seo go fóill ach bíonn liosta ainmneacha ag na hoifigí meitéareolaíochta le cuidiú leo aird an phobail a dhíriú orthu má thagann siad.

 Thiocfadh leis bheith contúirteach le linn stoirme.

D’eisigh An Oifig Meitéareolaíochta in Éirinn, sa Bhreatain agus san Ísiltír liosta don séasúr 2023-24, ag tús mhí Mheán Fómhair. I mbliana, shocraigh Met Éireann ainmneacha eolaithe a chur ar an liosta. Tá Stoirm Jocelyn ann, mar shampla, do Jocelyn Bell Burnell, réalteolaí a tháinig ar phulsáir den chéad uair. Ba réalteolaí mór le rá sa 19ú haois í Agnes Mary Clerke agus rinne Nicholas Callan obair thábhachtach san fhisic. Beidh an bheirt acu seo ar an liosta.

Bhí vóta ag Met Éireann chomh maith leis an litir ‘A’ a roghnú agus ba é an t-ainm ‘Agnes’ a roghnaigh siad. Tá ainm amháin Gaelach ar an liosta, mar atá ‘Ciarán’, agus ba é The Met Office i Londain a roghnaigh é. Cuidíonn Ciarán Fearon leis an rialtas ó thuaidh daoine a choinneáil ar an eolas má bhíonn drochaimsir ann.


San iomlán, tá 21 ainm don séasúr seo. Tá súil againn nach mbeidh siad uilig de dhíth!


Le déanamh

Abair gur chuala tú go bhfuil Stoirm Agnes ag teacht agus go mbeidh sí iontach láidir. Luaigh ceithre rud is féidir a dhéanamh leis an damáiste is measa a sheachaint.


Níor úsáideadh gach litir san aibítir. Cad iad na litreacha nár úsáideadh. An bhfuil tuairim agat cad chuige nár úsáideadh cuid acu?


Tugtar ainm ar hairicíní i Meiriceá Thuaidh. Bhí hairicín in Florida le déanaí. Faigh amach cén t-ainm a tugadh air. Ar chuala tú faoi hairicín ar bith eile roimhe sin? Déan liosta.


Pictiúir:

Oifig Meitéareolaíochta: Leitenberger Photography / Shutterstock.com

Jocelyn Bell Burnell: Maria_Domnikova / Shutterstock.com


baruil