Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An tseachtain seo caite, tharla “Lá an tSeomra Ranga Taobh Amuigh” agus tá a fhios againn go mbaineann go leor agaibh sult as bheith ag foghlaim taobh amuigh.
Labhair na daltaí Rang 7 linn, ó Bhunscoil Bheanna Boirche i gCaisleán Uidhilín, chun níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin tábhacht a bhaineann leis an fhoghlaim taobh amuigh sa scoil s’acu. Mhínigh siad gur fearr leo bheith ag foghlaim taobh amuigh ar a lán cúiseanna.
Bíonn na ceachtanna taobh amuigh níos pléisiúrtha - bíonn deis acu bheith ag foghlaim agus ag súgradh ag an am céanna.
Mothaíonn na daltaí go mbíonn níos mó brú orthu sna ceachtanna a dhéanann siad sa seomra ranga, ach ní bhíonn rudaí chomh foirmeálta sin taobh amuigh.
Faigheann siad níos mó ocsaigine taobh amuigh, rud atá maith don inchinn. (Thig na seomraí ranga a bheith ró-the agus brothallach, ag an am seo den bhliain go háirithe.)
(Ach, i ndiaidh dúinn amharc ar na grianghraif a sheol daltaí Bhunscoil Bheanna Boirche chugainn, ba mhaith linne in oifigí LéighAnois dul amach ag obair faoin spéir anois fosta!)
Le plé nó le déanamh
Cad iad na buntáistí leis an fhoghlaim taobh amuigh, dar leat?
An bhfuil míbhuntáistí ar bith ag baint leis an fhoghlaim taobh amuigh?
An éiríonn do sheomra ranga ró-the ar laethanta teo? Cad é a dhéanann sibh?
Luaigh na cailíní nach mbíonn na sciortaí ró-phraiticiúil don fhoghlaim taobh amuigh. An bhfuil sé in am éide scoile a athrú agus dearmad a dhéanamh de sciortaí do chailíní? Nó, an bhfuil áiteanna agus amanna ann nuair a bhíonn siad fóirsteanach?