LéighAnois


Cúlra an rannáin seo

Tháinig ann don suíomh seo, LéighAnois.com, mar fhreagairt ar an phaindéim a tháinig aniar aduaidh orainn in earrach na bliana 2020. D’aithin an tÁisaonad go raibh tacaíocht faoi léith de dhíth ar léitheoirí óga sna Gaelscoileanna, agus ar a dtuismitheoirí agus múinteoirí, le tacú leis an léitheoireacht Ghaeilge agus daoine ag iarraidh foghlaim sa bhaile.

Ach níorbh é LéighAnois.com an t-aon fhreagairt a bhí ag an Áisaonad ar an iliomad deacrachtaí a chruthaigh an dianghlasáil dár gcuid páistí. Ba i dtrátha an ama seo a d’iarr an tÚdarás Oideachais sa Tuaisceart orainn áiseanna folláine dá gcuid a chur in oiriúint do dhaltaí Gaelscoile. Ó shin i leith, tá muid i ndiaidh bheith ag obair leis an Údarás Oideachais go príomha, agus le corrdhream eile, le háiseanna folláine, meabhairshláinte agus athléimneachta, idir théacs agus leagan amach, a chur in oiriúint do dhaltaí Gaelscoile. Tá nasc chuig na hábhair seo ar fad ar fáil anseo – úsáid na cluaisíní ag barr an leathanaigh le hiad a fhiosrú.

Ar ndóigh, tá réimse de leabhair chlóite ar fáil uainn féin a phléann le gnéithe éagsúla den fholláine – fiosraigh iad ar www.aisaonad.org

An Chéad Chéim Eile

Seo roinnt áiseanna de chuid an Údaráis Oideachais sa tuaisceart a chuidíonn le páistí plé leis an aistriú ó chéim amháin den oideachas go céim eile. Chuir an tÁisaonad iad in oiriúint don Ghaelscolaíocht.