Ag deireadh na hoighearaoise, leáigh an t-oighear agus fágadh lochanna. D’fhás plandaí ar bhruacha na lochanna.
Fuair na plandaí bás agus thit siad isteach san uisce. Lobh siad go hiontach mall mar nach raibh mórán ocsaigine faoin uisce ach níor lobh siad go hiomlán.
Thar am, bhailigh cuid mhór den ábhar plandúil lofa seo agus brúdh le chéile é mar mhóin.
D’fhás plandaí speisialta darb ainm súsán nó caonach móna. Tá siad seo mar a bheadh spúinse ann agus coinníonn siad an t-uisce istigh sa phortach.