Aontaíonn siad go léir gur tháinig an inchinn amach tríd an tsrón, bealach amháin nó bealach eile!
Rudaí a bhfuil boladh deas orthu
Imeacht ó mhaith
Ansin, líon siad an ceann le roisín crainn agus le rudaí cumhra. Stop sé seo an ceann de bheith ag lobhadh agus fuair sé réitithe den drochbholadh.
An sú a thagann amach as crainn
Ansin, rinne siad gearradh beag ag an taobh clé den chorp. Lig sé seo dóibh na horgáin ar fad a tharraingt amach (ach amháin an croí). Chuir siad salann ar na horgáin agus chuir siad i bprócaí iad. Líon siad an corp le rudaí cumhra. 
Chuir siad salann speisialta darbh ainm natrón san áit a ndearna siad gach gearradh. Maraíonn natrón frídíní. D’fhág siad an corp ina luí i natrón ar feadh tréimhse de 35 – 70 lá. Thriomaigh sé seo an corp agus stad sé an lobhadh.
Ansin, nigh siad an corp triomaithe agus chuir siad ola air. Ansin, chuir siad roisín greamaitheach air.
Ansin, chlúdaigh siad an corp le línéadach.
Más duine tábhachtach a bhí ann – chuir siad rudaí eile ar an chorp, masc, mar shampla.
Ar dtús, bhain siad an inchinn amach. Síleann roinnt daoine gur úsáid siad crúca leis an inchinn a tharraingt amach tríd an tsrón; síleann daoine eile gur chuir siad slat suas an tsrón leis an inchinn a bhriseadh suas ina píosaí beaga bídeacha…