Is cluiche meaitseála é seo.
Sa chluiche, tá:
- ♦ 16 chárta – pictiúr de 8 n-éan agus ansin a n-ainm
- ♦ Tchífidh tú do stádas, mar atá:
- ⋄ Do rátáil - Faigheann tú níos mó réaltaí má éironn leat an cluiche a chríochnú le níos lú iarrachtaí.
- ⋄ Líon na n-iarrachtaí - an méid iarrachtaí atá déanta agat.
- ⋄ Amadóir - léiríonn sé an méid ama atá caite agat ar an chluiche.
- ⋄ Cnaipe leis an chluiche a atosú.
- ♦ Cluiche atosaithe níos mó.
Nuair a luchtaíonn an leathanach, tosaíonn an cluiche.
Tchí tú na 8 bpéire cárta ar feadh 1 soicind i.e gach ceann den 16 chárta
An dóigh lena imirt:
- • Cliceáil ar chearnóg dhubh leis an chárta ar an taobh eile a fheiceáil
- • Cliceáil ar chearnóg dhubh eile lena fheiceáil an meaitseálann sé.
- a. Má mheaitseálann an dá chárta, fanann siad ar an scáileán.
- b. Mura meaitseálann siad, tiontaíonn siad ar ais agus roghnaíonn tú péire eile.
- • Thig leat ceann ar bith den dá chnaipe atosaithe ↻ nó Tosaigh arís ↻ a chliceáil in am ar bith le tosú arís.
- • Nuair a éiríonn leat na 8 bpéire, éan agus a ainm, a mheaitseáil, tá an cluiche thart agus tchí tú an méid ama a thóg tú, an méid iarrachtaí a bhí agat agus an méid réaltaí atá saothraithe agat.
- • Thig leat Imir Arís a chliceáil le cluiche nua a thosú.